O éiġioṁ Hesbon eaḋon go Heleáleh, agus go Iahas, do ġoireadar an ċoṁairc, ó Ṡóar go Horonaim, aṁuil colpaċ ṫrí mblíaḋan daóis: óir béid fós uisgeaḋa Nimrim uáigneaċ.
Agus níor ḃáill lé Sihon cead do ṫaḃairt do Israel gaḃáil tré na ḋúṫaiġ: aċ do ċruinniġ Sihon a ḋáoine uile a ḃfoċair a ċéile, agus do ċuáiḋ sé amaċ a naġaiḋ Israel san ḃfásaċ: agus ṫáinic go Iahas, agus do ṫroid a naġaiḋ Israel.
Aċt níor ṫáoḃ Sihon Israel do ġaḃáil tré na ċosta: aċt do ċruinniġ Sihon a ḋáoine uile a ḃfoċair a ċéile, agus do rinne sé foslungṗort an Iahas, agus do ṫroíd sé a naġaiḋ Israel.