Agus tárla, a nuáir do ḃí Israel ná ċoṁnuiġe sa duṫaiġ sin, go ndeaċuiḋ Reuben, agus gur luiġ re Bilhah leannán aṫar: agus do ċúaluiḋ Israel sin. A nois clann Iácob bá ḋá ḟear ḋéag iad.
¶ Agus a núair do ċonncadar clann Ammon gur ḃréanadar a laṫair Ḋáiḃi, do ċuireadar clann Ammon teaċda úaḋa agus do ġlacadar air ṫuarusdal Sírianuiġ Ḃet‐rehob, agus Sírianuiġ Ṡóba fiṫċe míle coisiġ, agus ó ríġ Maacah míle fear, agus ó Istob ḋá ṁile ḋéug fear.
Aċ muna gcurṫáoi amaċ roṁuiḃ dúṫċusaiġ an nfearuinn; annsin tiocfa a gcríċ, an ċuid dá léigfiḋe fúireaċ aguiḃ go mbéid na scolbuiḋ ann ḃur súiliḃ, agus na ndéalguiḃ ann ḃur ttáoiḃuiḃ, agus go mbuáíḋeoruid siḃ annsa dúṫaiġ a gcoiṁneoċṫáoi.
Agus do ríaġluiḋ a slíaḃ Hermon, agus a Salcaċ, agus a Mbásan uile, go hiomal na Ngesuríteaċ, agus na Maaċatíteaċ, agus leaṫ Gilead, téora Ṡihon ríġ Hesbon.
Agus rioġaċd Og uile a Mbásan, noċ ba ríġ ann Astárot agus an Edrei, noċ do ṁair dfuiġioll na naiṫeaċ: óir is íadso do ḃúail Máoisi, agus do ṫeilg sé amaċ.
¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi agus a ṁuinntir súas, agus do ṫiomáineadar air na Gesurítiḃ, agus na Gersítiḃ, agus na Hamalecitiḃ: óir dob íad sin san tseanaimsir áitreaḃaiġ na tíre, mar ṫéid tú go Súr, air fad go críċ na Hégipte.