1 Annois do ḃí Iosua sean, agus ársuiḋ, a mblíaḋnuiḃ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Atá tusa foirfe agus ársuiḋ a mbliaġnuiḃ, agus atá fós roṁóran talṁan re sealḃuġaḋ.
Aiṫin do ċloinn Israel, agus abair riú, A nuáir ṫiucfuiḋe go tír Ċánaain; a sé so an fearann ṫuitfios ċugaiḃsi mar oiġreaċd, eaḋon fearann Ċánaain maille re na ṫeórannuiḃ:
Ráċuiḋ do ṪIĠEARNA Día, anonn roṁad, agus scriosfa sé na cineaḋaċaso roṁad, agus sealḃoċuiḋ tusa íad: agus raċaiḋ Iosua, a nonn roṁad, mar a duḃairt an TIĠEARNA.
Agus féaċ, a nois, do ċoinnuiṁ an TIĠEARNA béó mé, mar a duḃairt sé, na cúig ḃlíaḋna agus dá ḟiṫċiod so, eaḋon ó laḃair an TIĠEARNA an focalso re Máoise, an feaḋ do ḃádar elann Israel ar seaċran sán ḃfásaċ: agus a nois, ċeana, atáim a niuġ ceiṫre fiṫċid agus cúig blíaḋna daóis.