Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 12:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Sihon ríġ na Námoríteaċ, noċ do áitreiḃ ann Hesbon, agus do ríaġluiḋ ó Aroer, noċ atá ar ḃrúaċ na haḃann Arnon, agus ó lár na haḃann, agus ó leaṫ Ġílead, gus a naḃuinn Iabboc, noċ bá téora ċloinne Ammon;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 12:2
12 Iomraidhean Croise  

Agus do éiriġ sé súas a noiḋċe sin, agus do ġlac sé a ḋías ban, agus a ḋá ċuṁal, agus a éanṁac déag, agus do ċuáiḋ sé tar áṫ Iabboc a nunn.


Agus Bélas ṁac Asas, ṁic Sema, ṁic Ioel, noċ do rinne coṁnuiḋe ann Aroer, air fad go nuige Nébo agus Baalmeon:


Tuilleaṁ fós ṫug tú rioġaċta agus cineaḋaċa ḋoiḃ, agus do roinn tú íad a ccoirnéuluiḃ: marsin do ṡealḃuiġeadar tír Ṡihon, agus dúiṫċe ríġ Hesbon, agus dúiṫċe Og ríġ Basan.


Sihon ríġ na Namoríteaċ, agus Og ríġ Básan, agus uile rioġaċta Ċánaain:


O a áitreaḃṫuiġ Aroer, seas annsa tsliġe, agus fuirḟeiṫ; fíafruiġ don ti ṫeiṫios, agus don mnaói ṫéid as, agus abair, Cred do rinneaḋ?


Tar éis Sihon riġ na Namoríteaċ do ṁarḃaḋ ḋo, noċ do áitreiḃ ann Hesbon, agus Og ríġ Básan, noċ do áitreiḃ ann Astarot ann Edréi:


Agus dó ḟreagair riġ ċloinne Ammon teaċda Ieṗtah, Do ċionn gur ḃean Israel mo ḋúiṫċe ḋíomsa, a núair ṫangadar a nsíos as an Négipt, ó Arnon go nuige Iabboc, agus go nuige Iordan: anois ar a náḋḃarsin aisig na fearuinnsin go síoṫcánta.


Agus do ṡealḃuiġeadar cósta na Namoríteaċ uile, ó Arnon go nuige Iabboc, agus ó nfásaċ air fad go nuige Iordan.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan