Ansin tangadar na Hamalecítiġ a núas, agus na Cananítiġ noċ do ċoṁnuiġ san ċnoicsin, agus do ḃuaileadar íad, agus do ḃrisiodar orra, air fad go Hormah.
Agus a nuáir do ċualaiḋ riġ Arad an Cananiteaċ, noċ do ċoṁnuiġ buḋ ḋeas, go ttáinic Israel a sliġe an luċd braṫa; annsin do ṫroid se a naġaiḋ Israel, agus do ġaḃ cuid aca na bpríosúnaċaiḃ.
Agus do éist an TIĠEARNA ré glór Israel, agus do ṡeaċaid dóiḃ na Cananítiġ; agus do scriosadar go hiomlán íad féin agus a ccaiṫreaċa: agus do ġoir sé Hormah dainm do náit.