Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 12:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Annois is íadso ríġṫe na gcríoċ, do ḃuáil clann Israel, agus dar ṡealḃuiġeadar a ḃfearann ar an taoḃ oile do Iordán leaṫ ré héirġe na gréine, ó naḃuinn Arnon go sliaḃ Hermon, agus an réiteaċ uile ar an ttaóiḃ ṡoir:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 12:1
24 Iomraidhean Croise  

Geber ṁac Uri do ḃí a ttír Ġílead, a ttír Ṡihon ríġ na Namoriteaċ, agus Og ríġ Básan; agus dob eision aṁaín oifigeaċ na tíre uile.


Mar ḋrúċt Hermon, noċ ṫuitios ar ṡléiḃtiḃ Síon: óir is annsin do aiṫin an TIĠEARNA beannuġaḋ, na beaṫa go síorruiġe.


Agus ṫug a ḃfearann mar oiġreaċd: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe:


Do ċruṫaiḋ tú buḋ ṫúaiḋ agus buḋ ḋeas: Tábor agus Hermon do ḋéanaid lúaṫġáire ann hainm.


Agus biáiḋ, aṁuíl éun seaċráin ar na ṫeilgean amaċ as a nead, marsin ḃéid inġeana Ṁoab ag áṫannuiḃ Arnon.


Do áṫruiġeadar as sin, agus do ṡuiġeadar ar an ccuid ṫall do Arnon, noċ atá annsa ḃfásaċ noċ ṫig amaċ as imliḃ na Namoríteaċ: oir sé Arnon teórann Ṁoab, idir Ṁoab agus na Hamorítiġ.


¶ Agus do ċuir Israel teaċda go Sihon rí na Namoríteaċ, gá ráḋ,


Agus do ḃuáil Israel é lé fáoḃar an ċloiḋíṁ, agus do ṡealḃuiḋ a ḋúṫaiġ ó Arnon go Iabboc, eaḋon gó nuige cloinn Ammon: óir do ḃí teórann ċloinne Ammon láidir.


Oír ní íarrfuimne oiġreaċd maille riú don táoiḃ úd do Iordan, nó ṫairis sin; do ċionn gur ṫuit ar noiġreaċd ċuguinn don táoiḃsi do Iordan leiṫ ṡoir.


Raċam ṫairís anonn armṫa roiṁe an TTIĠEARNA go tír Ċanaáin, ċor go maḋ linn ar sealḃ don táoiḃsi do Iordan.


Agus ṫug Maóise ḋóiḃ, eáḋon do ċloinn Ġad, agus do ċloinn Réuben, agus do leaṫ ṫreiḃe Ṁanasseh ṁic Ioseṗ, rioġaċd Sihon ríġ na Namoríteaċ, agus rioġaċd Og riġ Basan, an fearann gun a ċaiṫreaċaiḃ annsna foirimliḃ, mar atáid caiṫreaċa na tíre timċioll fá gcuáirt.


¶ Eíriġsi súas, ġluáisiġ ann ḃur tturus, agus imṫiġiḋ a nonn ṫar a naḃuinn Arnon: féuċ, ṫug mé ad láiṁ Sihon an Tamoríteaċ, ríġ Hesbon, agus a ḋúṫaiġ: tionnscain a sealḃuġaḋ, agus troid ris a ccaṫ.


Annsin ṫainic Sihon amaċ ar naġuiḋ, é féin agus a ḋáoine uile, do ṫroid ag Iahas.


Ann sin do iontoiġeamar, agus do ċuáḋ suas air an tslíġe go Basan: agus ṫáinic Og riġ Ḃásan amaċ ár naġuiḋ, é féin agus a ḋáoine uile, ċum caṫa ag Edrei.


¶ Agus sé so an dliġeaḋ do ċuir Maóise síos do ċloinn Israel:


Don táoiḃsi do Iordan, annsa ġleann as coinne Ḃet‐peor, a ttir Ṡihon ríġ na Namoriteaċ, noċ do áitriḃ an Hesbon, noċ do ḃuáil Maóise agus clann Israel, tar éis teaċd amaċ as an Négipt:


O Aroer, noċ atá láiṁ re brúaċ na haḃann Arnon, go nuige slíaḃ Síon ré ráiḋṫear Hermon,


Nó go ttuga an TIĠEARNA suaiṁneas da ḃur ndearḃraiṫriḃ, mar ṫug sé ḋíḃsi, agus go sealḃuiġidsion mar an gcéadna an tír ḃeir ḃur TTIĠEARNA Día ḋóiḃ: annsin fillfiḋe dá ḃur ḃfearann sealḃa, noċ ṫug Máoise óglaċ an TIĠEARNA ḋíḃ don táoiḃsi do Iordan leaṫ ré heírġe greine, agus biáiḋ aguiḃ.


Eaḋon ó ṡliaḃ Hálac, ṫéid súas go Seir, go Baal‐gad a ngleann Lebanon raoi ṡlíaḃ Hermon: agus do ġaḃ sé a riġṫe uile, agus do ḃuáil íad, agus do ṁarḃ sé íad.


Agus ċum an Ċananítiġ ṡoir agus ṡíar, agus ċum an Namorítiġ, agus ċum an Hititiġ, agus ċum an Ṗerisitiġ, agus ċum an Iebusítiġ annsna sléiḃtiḃ, agus ċum an Hiḃitiġ faói Hermon a ttír Mispeh.


Oír is mar áon ríu do ġaḃadar na Reubenítiġ agus na Gadítiġ a noiġreaċd, noċ ṫug Máoise ḋoiḃ, taoḃ ṫall do Iordan leaṫ ṡoir, eaḋon mar ṫug Máoise óglaċ an TIĠEARNA ḋóiḃ;


Agus a nois ṫug ḃur TTIĠEARNA Día socaṁal dá ḃur ndearḃráiṫriḃ, mar do ġeall sé ḋóiḃ: annois ar a naḋḃarsin filliḋsi, agus éirgiḋe dá ḃur ttiġṫiḃ, agus go fearann ḃur sealḃa, noċ ṫug Maóise óglaċ an TIĠEARNA ḋaóiḃ don taóiḃ oile do Iordan.


Ann sin do ġluásíodar ar fád ṫríd a nfasaċ, agus do ṫimċiolladar dúiṫċe Edom, agus dúiṫċe Ṁóab, agus tangadar táoḃ ó ḋeas do ḋúiṫċe Ṁóab, agus do ṡuiġeadar don táoḃ oile do Arnon, aċt ní ṫangadar táoḃ a stiġ do ṫeóruinn Ṁóab: oir buḋ é Arnon bruáċ Ṁóab.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan