O manum, ná tárrsa na secréid: O monóir na bí a naontuiġ ré na gcruinniuġaḋ; óir do ṁarḃadur duine ann a ḃfeirg, agus ann a nantoil féin do ṫoċladur síos balla.
Agus do ḃean Dáiḃi míle carbad ḋe, agus seaċd ccéad marcaċ, agus fiṫċe míle coisiġ: agus do ġearr Dáiḃi speirreaċa eaċ na cearbad uile, aċd do ṡaḃáil sé díol ċéud carbad dioḃ.
Féuċ, atáimsi ad aġaiḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus loiscfíḋ mé a carbuid a ndeataċ, agus sluigfiḋ an cloiḋeaṁ a leoṁuin óga: agus géarrfa mé do ċreaċ ón ttalaṁ, agus ní cluinfiġear guṫ do ṫeaċtaḋ ní is mó.
¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosua, Ná bíoḋ eagla ort ar a son súd: óir seaċóduiġ misi a máraċ timċioll na huáiresi íad marḃ uile as coinne Israel: géarrfuiḋ tú a nioscada dá neaċuiḃ, agus loiscfiḋ tú a ccarbuid re teiniḋ.