4 ¶ Agus do ċuadar amaċ, íad féin agus a slóiġ uile maille ríu, moran daóine, mar an ngaineaṁ atá ar ṫráiġe na fairge ar iomadaṁlaċd, maille re marcṡlúaġ agus ro ṁórán carbad.
A mbeannuġaḋ go mbeannoċad ṫú, agus a méoduġaḋ go méideoċuiḋ mé do ṡíol aṁuil reulta niṁe, agus mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge; agus sealḃoċuid do ṡíol geataiḋe a náṁad.
Ar a naḋḃarsin sí mo ċoṁairlesi, Israel uile do ċruinniuġaḋ, ó Ḋan go Beerséba, mar an ngaineaṁ atá ċois na fairge ar iomadaṁlaċd; agus ṫu féin do ḋul a ccaṫ ad ṗearsuinn féin.
Agus a núair do ċruinniġeadar na ríġṫe sin uile a gcionn a ċéile, tangadar agus do rinneadair coṁnuiġ a ḃfoċair a ċéile ag uisgiḋiḃ Merom, do ṫroid a naġaiḋ Israel.
Agus do ḃadar na Mídianuiġ agus na Hamalecitiġ agus clann a noirṫir uile ar feaḋ an ġleanna aṁuil ḋorsain ar líonṁaireaċd; agus do ḃádar a gcáṁuill dóáirṁiġ mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge ar iomadaṁlaċd.
¶ Agus do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ íad féin a gcionn a ċéile do ṫroid a naġaiḋ Israel, tríoċad míle carbad, agus sé ṁíle marcaċ, agus dáoine mar an gaineaṁ noċ ḃíos ar ṫráiġ na fairge air iomadaṁlaċd: agus tangadar súas, agus do ṡuiḋeadar a Miċmas, soir ó Ḃetaḃen.