Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 11:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus ċum na ríġṫe do ḃí búḋ ṫuáiḋ ar na sléiḃtiḃ, agus buḋ ḋeas réiteaċ Cinerot, agus ansa ġleann, agus a nimliḃ Dor taoḃ ṡíar,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 11:2
14 Iomraidhean Croise  

Marsin do áontuiġ Ben‐hadad lé ríġ Asa, agus do ċuir caiptíniġ a ṡluáiġ do ḃí aige a naġaiḋ caiṫreaċ Israel, agus do ṁill sé Iion, agus Dan, agus Abel‐bet‐maaċah, agus Cinnerot uile, maille re tír Napṫtali uile.


Mac Abinadab, a ttír Dor uile; agá raiḃ Taṗat inġean Ṡoluiṁ na mnaói.


Agus raċaiḋ an teóra síos ó Ṡeṗam go Riblah, don táoiḃ ṡoir do Ain; agus tiocfa an teóra a núas, agus roiġfiġ go táoḃ fairge Ċinneret táoḃ ṡoir:


Agus an tan do éiriġ Muire ann sna laéṫiḃ sin, do ċúaiḋ sí go ḋeíṫneasaċ ċois sléiḃe, go caṫraiġ Iúda;


Agus tárla, an tau do ling an pobal air déisfeaċ ré bréiṫir Dé, gur ṡeas seision láiṁ ré loċ Ġenesaret,


¶ Mar sin do ḃuáil Iosua tír na slíaḃ, agus an taoiḃ ó ḋeas, agus na gleánnta, agus na sruṫ, agus a ríġṫe uile: níor ḟág neaċ béo ḋíoḃ, aċ do scrios sé uile an ṁéid iona raiḃ anáil, mar do aiṫin an TIĠEARNA Día Israel.


¶ Agus do ċuireadar muintir Ġibeon fios ċum Iosua don ċampa go Gilgal, gá ráḋ, Ná mainneaċdnuiġ do láṁ ód ṡerḃíseaċuiḃ; tárr ċuguinn tráṫ, agus sáor sinn, agus tárṫuiġ sinn: oir atáid na ríġṫe nan Amoriteaċ áitreaḃus air na sléiḃtiḃ uile ar ccruinniuġaḋ ar naġuiḋ.


¶ Mar sin do ġaḃ Iosua an ċríoċsin uile, na cnuic, agus an deisciort uile, agus fearann Gosen uile, agus an gleann, agus an réiteaċ, agus slíaḃ Israel, agus a ġleann sin;


¶ Agus annsa namsin ṫáinic Iosua, agus do scrios sé amaċ na Hanacimiġ ó na sléiḃṫiḃ, ó Hebron, ó Ḋebir, ó Anab, agus as sléiḃṫiḃ Iudah uile, agus ó ṡléiḃṫiḃ Israel uile: do leirscrios Iosua íad uile gon a gcaiṫreaċaiḃ.


Ríġ Dor a gcósta Dor, áon; riġ ċineaḋaċa Ġilgal, áon;


Agus ón réiteáċ go fairge Ċinerot ar an ttaoḃ ṡoir, agus go fairge an réitiġ, eaḋon a nfairge ṡailte taoḃ ṡoir, an tsliġe go Bet‐iesimot; agus ón taoḃ ó ḋeas, faói Asdot‐pisgah:


Agus annsa ġleann, go Betaram, agus Betnimrah, agus Succot, agus Saṗon an ċuid oile do rioġaċd Ṡihon ríġ Hesbon, Iordan agus a bruaċ, eaḋon go húir ḟairge Ċinnerot ar an ttáoḃ oile do Iordan leaṫ ṡoir.


Agus fúair Manasseh a Nissaċar agus a Naser Betsen agus a bailte, agus Ibleam agus a bailte agus dúṫċusaiġ Dor agus a bailte, agus dúṫċusaiġ Endor agus a baílte, agus dúṫċusaiġ Taanaċ agus a bailte, agus dúṫċusaiġ Megiddo agus a bailte, trí tíorṫa.


¶ Ní mó do ḋíbir Manasseh áitreaḃuiġ Ḃetsean agus a bailteaḋ, ná Táanaċ agus a bailteaḋ, ná áitreaḃuiġ Dor agus a bailteaḋ, ná áitreaḃuiġ Ibleam agus a bailteaḋ, ná áitreaḃuiġ Ṁegiddo agus a bailteaḋ: aċd ba mían leis na Canaanítiḃ coṁnuiġe san tír sin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan