Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 11:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 ¶ Mar sin do ġaḃ Iosua an ċríoċsin uile, na cnuic, agus an deisciort uile, agus fearann Gosen uile, agus an gleann, agus an réiteaċ, agus slíaḃ Israel, agus a ġleann sin;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 11:16
16 Iomraidhean Croise  

Agus ṫug sé ḋóiḃ fearann na gcineaḋaċ: agus do ġaḃadar sáoṫar na ndaoine mar oiġreaċd;


Agus do ṫeilg amaċ rompa na geintiġe fós, agus do roinn sé oiġreaċd dóiḃ re crannċaír, agus ṫug air ṫreaḃuiḃ Israel áitriuġaḋ iona nionad suiḋe.


Plainndeoċa mé í a slíaḃ áirde Israel: agus ginfe sí géuga, agus do ḃéara sí toraḋ, agus biáiḋ na cédar ḃreáḋa: agus áitreoḃuiḋ na huile éunlaiṫ gaċ sciaṫáin faói; áitreoċuid síad air scáṫ a géug.


Aċt siḃsi, a ṡléiḃte Israel, cuirfiḋe amaċ ḃur ngéaga, agus do ḃéarṫaói ḃur toraḋ dom ṗobal Israel; óir atáid do laṫair ag teaċt.


Filliḋ, agus gluáisiḋ íonḃur sliġe, agus éirġiḋ go slíaḃ na Namoriteaċ, agus don nuile áit láiṁ ris, annsa réiteaċ, annsna cnocuiḃ, agus annsa ġleann, agus buḋ ḋeas, agus láiṁ ris an ḃfairge, go dúṫaiġ na Gcanaaníteaċ, agus go Lebanon, go suiġe an naḃuinn ṁóir, aḃuinn Euṗrates.


¶ Mar sin do ḃuáil Iosua tír na slíaḃ, agus an taoiḃ ó ḋeas, agus na gleánnta, agus na sruṫ, agus a ríġṫe uile: níor ḟág neaċ béo ḋíoḃ, aċ do scrios sé uile an ṁéid iona raiḃ anáil, mar do aiṫin an TIĠEARNA Día Israel.


Agus do ḃuáil Iosua íad ó Ċadesbarnéa go nuige Gása, agus tír Ġosen uile, go nuige Gibeon.


Mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋá ṡerḃíseaċ Maóise, is mar sin do aiṫin Maóise do Iosua, agus do rinne Iosua mar sin; nior ḟág sé éinní gan déanaṁ do nuile ní do ḟógair an TIĠEARNA do Ṁaóise.


Agus ċum na ríġṫe do ḃí búḋ ṫuáiḋ ar na sléiḃtiḃ, agus buḋ ḋeas réiteaċ Cinerot, agus ansa ġleann, agus a nimliḃ Dor taoḃ ṡíar,


¶ Agus annsa namsin ṫáinic Iosua, agus do scrios sé amaċ na Hanacimiġ ó na sléiḃṫiḃ, ó Hebron, ó Ḋebir, ó Anab, agus as sléiḃṫiḃ Iudah uile, agus ó ṡléiḃṫiḃ Israel uile: do leirscrios Iosua íad uile gon a gcaiṫreaċaiḃ.


Annsna sléiḃṫiḃ, agus annsna gleanntuiḃ, agus annsná réitiḃ, agus annsna sroṫuiḃ, agus ansa ḃfásaċ, agus ansa tír ó ḋeas; na Hititiġ, agus na Hamoritiġ, agus na Cananitiġ, na Perisítiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebúsítiġ:


Agus tárla, a nuáir do ċúaladar na ríġṫe uile do ḃí don taóiḃsi do Iordan, air na sleḃtíḃ, agus air na gleantuiḃ, agus ar imliḃ na fairge móire uile ṫall as coinne Lebanon, na Hititiġ, agus na Hamoritiġ, agus na Cananítiġ, agus na Perissítiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan