12 ¶ Agus do ġaḃ Iosua caiṫreaċa na ríġṫeaḋ sin uile, agus a ríġṫe uile, agus do ḃuáil íad lé fáoḃar au ċloiḋiṁ, agus do scrios ṫrid amaċ íad, mar do aiṫin Maóise seirḃíseaċ an TIĠEARNA.
Agus a nuáir do ḃéara an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit íad; buáilfe tú íad, agus scriossuiḋ tú íad ṫríd a maċ; ní ḋéana tú cunraḋ air biṫ riú, nó trócaire do ṫaisbeanaḋ ḋóiḃ:
Tuig ar a naḋḃarsin a niuġ, gur bé an TIĠEARNA do Ḋía, ṫéid roṁad; mar ṫeiniḋ loisgniġ claoiḋfiḋ sé íad, agus cuirfe sé sios íad as coinne haiġṫe: mar sin ḋíbéorus tú amaċ íad, agus scriostas tú go lúaṫ íad, mar a duḃairt an TIĠEARNA riot.
Agus tárla, a núair do ċrioċnuiġ Iosua agus clann Israel a marḃaḋ lé hár ro ṁór, nó gur sgriosaḋ íad, go ndeaċadar an ṁéid do ṁair díoḃ a steaċ a gcaiṫreaċaiḃ daingne.
¶ Agus an lá céadnasin do ġaḃ Iosua Macedah, agus do ḃúail í le faoḃar an ċloiḋiṁ, agus a ríġ do ṁarḃ sé ṫríd amaċ, íad féin, agus a raiḃ danmannuiḃ inte; níor léig sé aon díoḃ as: agus do rinne sé ré ríġ Ṁacedah mar do rinne re ríġ Ieriċo.
Agus do ṫoirḃir an TIĠEARNA í mar an gcéudna, agus a rí, a láiṁ Israel; agus do ḃúail se í lé fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus a raiḃ danmannuiḃ inte; níor léig sé áon díoḃ as dá raiḃ inte; agus do rinne sé ré na ríġ mar do rine re ríġ Ieríċo.
Agus do ṡeaċuid an TIĠEARNA Laċis a láiṁ Israel, noċ do ġaḃ í an dara lá, agus do ḃuail í le fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus a raiḃ danmannuiḃ inte, do réir a nuile neiṫe do rinneadar re Libnah.
Agus do ġaḃadar í an lá sin, agus do ḃuaileadar í lé fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus a raiḃ danmannuiḃ innte do marḃaḋ íad an lá sin, do réir gaċ éainneiṫe dá ndéarnaḋ ré Laċis.
Agus do ġaḃadar í, agus do ḃuaileadar í lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus a ríġ, agus a caiṫreaċa uile, agus a nuile anam dá raiḃ inte; níor ḟág éanduine béo ḋíoḃ, do réir a nuile ní dá ndearnaḋ re Heglon; aċ do scríos go hiomlán í, agus a raiḃ danmannuiḃ inte.
Mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋá ṡerḃíseaċ Maóise, is mar sin do aiṫin Maóise do Iosua, agus do rinne Iosua mar sin; nior ḟág sé éinní gan déanaṁ do nuile ní do ḟógair an TIĠEARNA do Ṁaóise.
Dúṫċusuiġ ṫíre na ccnoc uíle ó Lebanon go Misrepot‐maim, agus na Sidónianuiġ uile, cuirfe mé íad sin amaċ roiṁe ċloinn Israel: aṁaim roinnsi le crannċar é do Israel mar oiġreaċd, mar do aiṫin misi ḋíot.
Agus ṫug an TIĠEARNA suáiṁneas dóiḃ timċioll fa gcuáirt, do réir gaċ uile neiṫe dár ṁionnuiġ sé dá naiṫriḃ: agus níor ṡeas duine dá náṁuid rompa: do ṡeaċuid an TIĠEARNA a naiṁde uile ann a láiṁ.
Mar do aiṫin Maóise óglaċ an TIĠEARNA do ċloinn Israel, mar atá scríoḃṫa a leaḃar dliġe Ṁaóise, altóir do ċloċuiḃ iomlána, air nar ṫóg duine ar bíṫ íarann: agus do ofráladar orra sin ioḋbarṫa loisge don TIĠEARNA, agus do íoḋbradar ofrála síoṫċána.
Agus is aṁluiḋ ḃías, a nuáir ġéaḃṫaói an ċaṫair, go ccuirfiḋe an ċaṫair tré ṫeine: do réir aiṫne an TIĠEARNA do ḋéantáoi. Féaċuiḋ, do aiṫin misi ḋáoiḃ é.
Agus do ḟreagradarsan Iosua, agus a duḃradar, Do ḃriġ gur dearḃaḋ dot ṡeirḃíseaċuiḃ, mar do aiṫin do ṪIĠEARNA Día ḋá óglaċ Maoise an dúiṫċe uile do ṫaḃairt daoiḃsé, agus duṫċusaiġ na tíre uile do scríos roṁuiḃ, uime sin do ḃámar lán deagla ar nanmann roṁuiḃsi, agus do rinneamar an nísi.