¶ Agus isé so fáṫ an ġeárṫa do ṫóg an ríġ Solaṁ; do ḋéanaṁ tiġe an TIĠEARNA, agus a ṫiġe féin, agus Millo, agus balla Ierusalem, agus Hasor, agus Megiddo, agus Geser.
¶ A laeṫiḃ Ṗecah ríġ Israel ṫínic Tiglat‐pileser ríġ na Hassiria, agus do ġaḃ sé Hiion, agus Abel‐betmaaċa, agus Ianoah, agus Cedes, agus Hásor, agus Gíleadi, agus Galilee, agus fearann Napṫali uile, agus rug a láiṁ íad go Hassiria.
A ṪIĠEARNA, a núair ṫóigfiġear do láṁ súas, ní ḟaicid síad: aċt do ċífid, agus béid náireaċ ar son a ttnúṫa ris an bpobal; loisgfiḋ fós, teine do náṁadsa íad.
A nuáir ġaḃus tú ṫríd na huisgeaḋuiḃ, biáiḋ misi ad ḟoċair; agus ṫríd na haiḃniḃ, ní ḟoileoċuid síad ṫú: a nuáir ṡíuḃolas tú ṫríd an tteine, ní loisgfiġear ṫú; ní mó ḋeargfas an lasair ort.
¶ Agus do ḟill Iosua an tansin ar a ais, agus do ġaḃ Hásor, agus do ḃuáil a ríġ leis an gcloiḋeaṁ: oir do ḃi Hásor roiṁe sin na ceann ar na rioġaċduiḃsin uile.