9 Ṫáinic Iosua ar a naḋḃarsin ċuca go hobann, agus do ċuáiḋ sé súas ó Ġilgal ansa noiḋċe,
An ḃfáicionn tú dúine díṫċiollaċ iona ġnoṫuiġiḃ? seasfuiḋ sé a laṫair ríoġ; ní a laṫair ḋaoine uirísiol ṡeasfas sé.
Giḋ bé ní ġeaḃas do láṁ ré a ḋéanaṁ, déan é red ḋiṫċioll; óir ni ḃfuil obair, nó tionnsgnaṁ, nó éolus, nó eagna, ann sa nuáiġ, mar a raċa tú.
Uime sin fulaingse anṡóġ, mar ṡaiġdíur maiṫ Iósa Críosd.
Déuna an bríaṫar do ṡeanmóir; bí dúṫraċdaċ a nám, agus a nanám; spreag, smaċduiġe, agus teaguisg maille ris a nuile ċeannsaċd agus ḟoirceadal.
Agus do ċlaóiḋ an TIĠEARNA íad roíṁe Israel, agus do ṁarḃ íad re hár mór a Ngibeon, agus do ṫiomáin íad ar fud na sliġeaḋ ṫéid súas go Betóron, agus do ḃúaileadar íad go Asecah, agus go Macedah.
¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosua, Ná heagluiġṫear ṫú rompa: óir do ṡeaċuid misi ad laiṁ íad; ní ṡeasfa duine ḋíoḃ roṁad.
Mar sin ṫáinic Iosua, agus an luċd cogaiḋ uile leis, na naġaíḋ ag uisgiḋiḃ Merom go hobann; agus do ṫiománadar orra.