¶ Agus, féuċ, ṫáinig fáiġ go Hahab ríġ Israel, ġá ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA, an ḃfaca tú an tiomad slóiġ ṁoírsi? féuċ, do ḃéura misi ad láiṁ íad a niuġ; agus biáiḋ a ḟios agad gur mé an TIĠEARNA.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Ná bíoḋ eagla ort roiṁe: óir do ḃéara misi é féin, agus a ḋáoine uile, agus a ḋúṫaiġ, ad láiṁ; agus do ḋéana tú ris mar do rinne tú ré Sihon riġ na Namoríteaċ, noċ do áitriḃ an Hesbon.
Agus a duḃairt Iosua riú, Ná húambnuiġṫear siḃ, agus ná biṫí imṡuíoṁaċ, bíṫí láidir agus láinḃéoḋa: óir is marso do ḋeana an TIĠEARNA ré ḃur naiṁdiḃ uile re a ttroidfiġ:
¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosua, Ná bíoḋ eagla ort ar a son súd: óir seaċóduiġ misi a máraċ timċioll na huáiresi íad marḃ uile as coinne Israel: géarrfuiḋ tú a nioscada dá neaċuiḃ, agus loiscfiḋ tú a ccarbuid re teiniḋ.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosua, Na bíoḋ eagla ort, agus ná húaṁnuiġear ṫú: beir leaċd na fir coguiḋ uile, agus éiriġ, imṫiġ súas go Hái: feaċ, ṫug misi ad láiṁ rí Aí, agus a ḋaóine, agus a ċaṫair, agus a ḋúiṫċe:
Agus biáiḋ a ḟios ag an ccoṁċruinniuġaḋ so uile naċ lé gaṫ nó lé cloiḋeaṁ ṡáorus an TIĠEARNA: (óir ís leis an TTIĠEARNA an caṫ,) agus do ḃéara sé siḃsi ann ar láṁuiḃne.