¶ Agus do ċuireadar muintir Ġibeon fios ċum Iosua don ċampa go Gilgal, gá ráḋ, Ná mainneaċdnuiġ do láṁ ód ṡerḃíseaċuiḃ; tárr ċuguinn tráṫ, agus sáor sinn, agus tárṫuiġ sinn: oir atáid na ríġṫe nan Amoriteaċ áitreaḃus air na sléiḃtiḃ uile ar ccruinniuġaḋ ar naġuiḋ.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosua, Na bíoḋ eagla ort, agus ná húaṁnuiġear ṫú: beir leaċd na fir coguiḋ uile, agus éiriġ, imṫiġ súas go Hái: feaċ, ṫug misi ad láiṁ rí Aí, agus a ḋaóine, agus a ċaṫair, agus a ḋúiṫċe:
¶ Annsin déiriġ Iosua, agus an luċd cogaiḋ uile, ċum dul súas a naġaiḋ Ai: agus do ṫoġ Iosua amaċ tríoċad míle dfearuiḃ láidre a ngaisgiḋ, agus do ċuir ar siuḃal íad san noiḋċe.