42 Agus do ġaḃ Iosua na ríġṫesin uile agus a ndúiṫċe a néainḟeaċd, do ċionn gur ṫroid an TIĠEARNA Día Israel ar son Israel.
Atá an TIĠEARNA ar mo ṡonsa; ní ḃíaiḋ eagla orum: cred ḋéanas duine riom?
Se Día ar ndídean agus ar neart, cungnaṁ ro ollaṁ a mbuaiḋreaḋ.
Atá TIĠEARNA na sloġ linn; atá Día Iácob na ro ḋidean aguinn. Selah.
Atá TIĠEARNA na slóġ linn; atá Día Iácob na ḋídean aguinn. Selah.
A Ḋé, iompoiġ sinn, agus taḃair air haġaiḋ deálruġ; agus bíam slán.
Troidfiḋ an TIĠEARNA ar ḃur son, agus beiṫíse ḃur dtoċt.
Agus do ḃean a maċ roiṫléin na gcarbad, gur ṫairngeadar íad go trom: ionnus go nduḃradar na Hégiptiġ, Teiṫeamáoid as laṫaír Israel; óir atá an tiġearna ag troid ar a son a naġuiḋ na Négipteaċ.
O ḃí tú mórlúaiġ ann mo raḋarc, do ḃí tú onóraċ, agus do ġráḋuiġ mé ṫú: uimesin do ḃéara mé daóine ar do ṡon, agus pobal ar son hanma.
Oír sé ḃur TTIĠEARNA Día an té ṫéid liḃ, do ṫroid re ḃur náṁuid, da ḃur ttárṫáil.
Agus ní raiḃ éanlá ríaṁ cosṁuil ris sin roiṁe nó na ḋiáiġ, gur éist an TIĠEARNA re guṫ duine: óir do ṫroid an TIĠEARNA ar son Israel.
Agus do ḟill Iosua, agus Israel uile maille ris, don ċampa go Gilgal.