Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 10:41 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

41 Agus do ḃuáil Iosua íad ó Ċadesbarnéa go nuige Gása, agus tír Ġosen uile, go nuige Gibeon.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 10:41
19 Iomraidhean Croise  

Agus do ḃí téorann na Gcanáaniteaċ o Ṡidon, mar ṫig tú go Gérar, go Gása; mar ṫéid tu go Sodom, agus go Gomorrah, agus Admah, agus Seboim, agus mar sin go Lasa.


¶ A Ngibeon do taiḃreaḋ an TIĠEARNA a naisling do Ṡolaṁ annsa noiḋċe: agus a duḃairt Día, Iarr cred ḃéaras mé ḋuit.


Do ċífiḋ Ascélon é, agus biáiḋ eagla air; do ċífiḋ Gasa fos é, agus biaiḋ ro ḋuḃaċ, agus Ecron; óir naireoċṫar a dóṫċus; agus dioġḃáiġfiḋ an ríġ ó Ġasa, agus ní ḃiáiḋ Ascélon aitreḃṫe.


Agus do ġluaisiodar agus tangadar go Maóise, agus go Haaron, agus go coṁċruínninġaḋ ċloinne Israel, uíle go fásaċ Ṗáran gó Cades; agus tugadar scéula ċucasan, agus ċum an ċoṁċruinniġ uile, agus do ṫaisbeanádar toraḋ na tíre ḋóiḃ.


Mar so do rinneadar ḃur naiṫre, a nuáir do ċuir misi ó Ċades‐barnea dféaċuin na tíre íad.


Agus fillfiḋ ḃur tteórann ón táoḃ ó ḋeas go hárd Acrabbim, agus róiġfiġ air fad go Sin: agus biáiḋ a ḋul amaċ sin ón táoḃ ḋeas go Cádes‐barnea, agus raċaiḋ go fíasaraddar, agus raċaiḋ ar a aġuiḋ go Hasmon.


Agus do laḃair aingeal an Tiġearna ré Ṗilib, ag ráḋ, Eírġe, agus imṫiġ don taoiḃ ó ḋeas, an tsliġe síos ó Ierusalém go Gása, noċ atá na ḟásaċ.


¶ Agus a nuáir do ġluaisiomar as Hóreb, do ċúamar ṫríd an ḃfásaċ mór uaṫḃásaċ uile, noċ do ċonncaḃair ar sliġe ṡléiḃe na Namoríteaċ, mar do aiṫin an TIĠEARNA ar Ndía ḋínn; agus tangamar go Cádes‐barnea.


Agus na Haḃimiġ noċ do ċoṁnuiġ ann Haserim, go nuige Assah, do ḋibreadar na Caṗtorimiġ íadsin, noċ ṫáinic amaċ as Caṗtor, agus do áitreaḃadar na nionad.


Ar an moḋ gcéadna a núair do ċuir an TIĠEARNA siḃ as Cades‐barnea, ġa ráḋ, Eiriġe súas, agus sealḃúiġe an fearann ṫug misi ḋíḃ; annsin do ċaṫuiġeaḃair a naġaiḋ aiṫne an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus níor ċreideaḃair é, agus níor éisteaḃair re na ġuṫ.


¶ Ann sin do laḃair Iosua ris an TTIĠEARNA an sa lá ṫoirḃir an TIĠEARNA na Hámorítiġ súas roiṁe ċloinn Israel, agus a duḃairt sé a raḋarc Israel, A ġrían, fan ad ċoṁnuiġe ar Ġibeon; agus a ġealaiḋ, a ngleann Aialon.


Gur eagluiġeadar go mór, do ḃríġ go raiḃ Gíbeon na caṫruiġ ṁóir, mar aon do na caiṫreaċaiḃ ríoġaṁla, agus do ċionn gur ṁó í ná Ai, agus go raḃadar a daoine uile láidir.


¶ Mar sin do ġaḃ Iosua an ċríoċsin uile, na cnuic, agus an deisciort uile, agus fearann Gosen uile, agus an gleann, agus an réiteaċ, agus slíaḃ Israel, agus a ġleann sin;


Níor fágḃaḋ éanduine do na Hanacimiḃ a ḃfearann ċloinne Israel: aṁáin a Ngása, a Ngat, agus ann Asdod, do ḟágḃaḋ daóine iontasin.


Agus Gossen, agus Holon, agus Giloh; éanċaṫair déag gun a mbailtiḃ:


Ansin do ċúaiḋ Samson go Gasa, agus do ċonnairc meirdreaċ ann sin, agus do ḃí aice.


¶ Aċ do ġaḃadar na Ṗilistiniġ é, agus do ḃeanadar a ṡuile as, agus rugadar síos go Gasa é, agus do ċeangladar é le boltuiġiḃ praís; agus do ḃí sé ag meilt a ttiġ an ṗríosúin.


Agus síad so na hemeróid órḋa noċ dfilleadar na Ṗilistiniġ ċum an TIĠEARNA mar ofráil ṡáruiġ; ar son Asdod a háon, ar son Ġasa a háon, ar son Ascelon a háon, ar son Ġat a háon, ar son Ecron a háon;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan