Da máḋ don tsáoġal siḃ, do ġraiḋéoċaḋ an sáoġal a ċuid féin: giḋeaḋ ar son naċ don tsáoġal siḃ, aċd gur ṫoġ misi siḃ as a tsáoġal, ar a naḋḃarsin atá fúaṫ ag an tsáoġal daóiḃ.
Ag éiġṁe, Cóḃair, a ċlanna Isráel: A sé so an fear, ṫeaguisgeas an gaċ uile áir a naġuiḋ an ṗobuil, agus an reaċda, agus na háitesi: agus tuilleaḋ eile fós tug sé Gréuguiġ a steaċ don teampoll; agus do ṡaluiġ sé a náit náoṁṫasa.
A ḟíora agus a ṁná a naḋaltrannais, a né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ gur naiṁdeanus a naġuiḋ Dé, cairdeas an tsáoġailse? uime sin giḋ bé ré mían an sáoġal ḃeiṫ na ċaruid aige do ní sé naṁuid Dé ḋe féin.
Anois táinic a ccríċ, a núair do ċúaluiḋ Adonísedec riġ Ierusalem mar re ġaḃ Iosua Ai, agus gur ḋíoṫlaiṫriġ sé ṫríd amaċ í; mar do rinne re Ieriċo agus re na ríġ, marsin do rinne re Hái agus re na riġ; agus mar do rinneadar muintir Ġibeon síṫ ré Israel, agus mar do ḃádár na measg;
Ar a náḋḃarsin do ċruinniġeadar cúig ríġṫe na Namoriteaċ íad féin a cceann a ċeile, ríġ Ierusalem, ríġ Hebron, ríġ Iarmut, ríġ Laċis, ríġ Eglon, agus do ċúadar súas, iad féin agus a slóiġ uíle, agus do ċoṁnuiġeádar a naġuiḋ Gibeon, agus do rinneadar cogaḋ na haġaiḋ.
Oir is spiorada deaṁan íad, ḃíos ag déunaṁ cóṁarṫaḋ, agus ṫéid amaċ go ríoġuiḃ na talṁan agus an doṁuin uile, ċum a gcóṁċruinniġe a gceann ċaṫa láe ṁóir Ḋé Uileċúṁaċduiġ.