¶ Agus Is íad so uiḃir na mbannaḋa noċ do ḃí réiḋ armṫa ċum coguiḋ, agus ṫáinic go Dáiḃi go Hebron, dfilleaḋ rioġaċda Ṡauil ċuige, do reir ḃréiṫre an TIĠEARNA.
Agus do ċúadar súas buḋ ḋeas, go ttangadar go Hebron; mar a ráḃadar Ahiman, Sesai, agus Talmai, clann Anac. A nois do rinneaḋ Hebron seaċd mbliaḋna roiṁe Soan sa Négipt.
Agus do ġaḃadar í an lá sin, agus do ḃuaileadar í lé fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus a raiḃ danmannuiḃ innte do marḃaḋ íad an lá sin, do réir gaċ éainneiṫe dá ndéarnaḋ ré Laċis.
Agus do ġaḃadar í, agus do ḃuaileadar í lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus a ríġ, agus a caiṫreaċa uile, agus a nuile anam dá raiḃ inte; níor ḟág éanduine béo ḋíoḃ, do réir a nuile ní dá ndearnaḋ re Heglon; aċ do scríos go hiomlán í, agus a raiḃ danmannuiḃ inte.
Ar a náḋḃarsin do ċruinniġeadar cúig ríġṫe na Namoriteaċ íad féin a cceann a ċeile, ríġ Ierusalem, ríġ Hebron, ríġ Iarmut, ríġ Laċis, ríġ Eglon, agus do ċúadar súas, iad féin agus a slóiġ uíle, agus do ċoṁnuiġeádar a naġuiḋ Gibeon, agus do rinneadar cogaḋ na haġaiḋ.
Agus ṫug sé do Ċáleb ṁac Ieṗunneh a ċuid a measc ċloinne Iúdah do réir aiṫne an TIĠEARNA do Iosua, eaḋon caṫair Arba aṫair Anac, noċ ar ḃí an caṫair sin Hébron.
¶ Agus do ċuáiḋ Iúdah a naġaiḋ na Gcanaaníteaċ do áitreiḃ ann Hébron (annois do bé Círiat‐arba ainm Hebron roiṁe so:) agus do ṁarḃadar Sesai, agus Ahíman, agus Talmai.