35 Agus do ġaḃadar í an lá sin, agus do ḃuaileadar í lé fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus a raiḃ danmannuiḃ innte do marḃaḋ íad an lá sin, do réir gaċ éainneiṫe dá ndéarnaḋ ré Laċis.
Giḋeaḋ fós ar a ṡon sin, a nuáir ḃéid síad a ttír a náṁad, ní ṫeilgfe mé seaċad íad, agus ní mó ḟuaṫoċus mé íad, dá scrios ṫríd amaċ uile, agus do ḃriseaḋ mo ċunnarṫa ríu: oir is misi an TIĠEARNA a Ndía.
Agus do ġaḃadar í, agus do ḃuaileadar í lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus a ríġ, agus a caiṫreaċa uile, agus a nuile anam dá raiḃ inte; níor ḟág éanduine béo ḋíoḃ, do réir a nuile ní dá ndearnaḋ re Heglon; aċ do scríos go hiomlán í, agus a raiḃ danmannuiḃ inte.