Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 10:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Uimesin do ċuir Adonisedec ríġ Ierusalem fios go Hoham riġ Hebron, agus go Píram ríġ Iarmut, agus go Ioṗia ríġ Laċis, agus go Debir ríġ Eglon, ġa ráḋ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 10:3
19 Iomraidhean Croise  

Agus fuáir Sárah bás a Cciriat-arba; a se sin Hebron a ttír Ċanaáin: agus táinig Abraham do ḋéunaṁ doilġis fa Ṡárah, agus do ġul tríṫe.


Agus a duḃairt sé ris, Guiḋim ṫú, eiriġ, féuċ an maiṫ a táṫar ag ad ḋearḃráiṫriḃ, agus an maiṫ a táṫar ag na tréuduiḃ; agus taḃair scéula ċugam a rís. Mar sin do ċuir sé amaċ é as gleann Hébron, agus táinig sé go Seċem.


Agus ba hé uiḃir na láeṫeaḋ do ḃí Dáiḃi na ríġ ann Hébron ós cionn ṫíġe Iúdah seaċd mblíaḋna agus sé ṁí.


Agus do ċuir Heseciah ríġ Iúdah teaċda go ríġ na Hassíria go Laċis, ḋá ráḋ, Do ċoiriġ mé; fill uáim: an ní ċuirfios tú orum iomċoruiḋ mé é. Agus do ċuir riġ na Hassíria ar Heseciah ríġ Iúdah trí ċéud tallann airgid agus tríoċad tallann óir.


¶ Agus do ċuir ríġ na Hassíria Tartan agus Rabsaris agus Rabsaceh ó Laċis gus an ríġ Heseciah maille re slúaġ mór a naġaiḋ Ierusalem. Agus do ċuádar súas agus ṫangadar go Hierusalem. Agus a nuáir ṫangadar a níos, ṫangadar agus do ṡeasadar ag píopa an loċáin dob áirde, noċ atá a sliġe ṁóir ṁaċaire a núcaire.


Agus Adoram, agus Laċis, agus Asecah,


A nuáir do ṫroid slúaġ ríġ na Babilóine a naġáiḋ Ierusalem, agus a naġáiḋ uile ċaiṫreaċa Iúdah dar ṁair, a naġáiḋ Laċis, agus a naġáiḋ Asecah: óir do ṁaireadar na caiṫreaċa daingnesi do ċaiṫreaċaíḃ Iúdah.


O ṫusa a ḋúṫċusaiġ Laċis, ceangail an carbad don ḃeaṫaċ lúaṫ: isí is tosaċ peacaiḋ dinġin Sion: óir do fríṫ sáruiġṫe Israel ionnadsa.


Agus do ċúadar súas buḋ ḋeas, go ttangadar go Hebron; mar a ráḃadar Ahiman, Sesai, agus Talmai, clann Anac. A nois do rinneaḋ Hebron seaċd mbliaḋna roiṁe Soan sa Négipt.


Anois táinic a ccríċ, a núair do ċúaluiḋ Adonísedec riġ Ierusalem mar re ġaḃ Iosua Ai, agus gur ḋíoṫlaiṫriġ sé ṫríd amaċ í; mar do rinne re Ieriċo agus re na ríġ, marsin do rinne re Hái agus re na riġ; agus mar do rinneadar muintir Ġibeon síṫ ré Israel, agus mar do ḃádár na measg;


Agus do rinneadar mar sin, agus tugadar na cúig ríġṫe sin ċuige amaċ as a núaṁuiġ, ríġ Ierusalem, ríġ Hebron, ríġ Iarmut, ríġ Laċis agus ríġ Eglon.


¶ Agus do ġluáis Iosua ó Laċis go Heglon, agus Israel uile maille rís; agus do ṡuiġeadar a ccampa re na huċd, agus do ṫroideadar na haġuiḋ:


Ar a náḋḃarsin do ċruinniġeadar cúig ríġṫe na Namoriteaċ íad féin a cceann a ċeile, ríġ Ierusalem, ríġ Hebron, ríġ Iarmut, ríġ Laċis, ríġ Eglon, agus do ċúadar súas, iad féin agus a slóiġ uíle, agus do ċoṁnuiġeádar a naġuiḋ Gibeon, agus do rinneadar cogaḋ na haġaiḋ.


Agus do bé ainm Hébron roiṁe sin Círíat‐arba; noċ Arba ḃi na ḋuine mór a measc na Nanacimeaċ. Agus do ḃí suaiṁneas ó ċogaḋ ag an dúiṫċe.


Agus Humtah, agus Círiat‐arba (noċ ar bé Hébron,) agus Sior; naói gcaiṫreaċa gun a mbailtiḃ:


¶ Agus ar son na Iebusíteaċ dúṫċusaiġ Ierusalem, níor ḟéad clann Iúdah a ndíbirt amaċ: aċd aítreaḃuid na Iebusitiġ maille re cloinn Iúdah ann Ierusalem gus a niuġ.


Agus Selah, Eleṗ, agus Iebusi, eaḋon Ierusalem, Gibeat, agus Ciriat; ceiṫre caiṫreaċa deúg gun a mbailtiḃ. Sí so oiġreaċd ċloinne Beniamin do reír a muinntear.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan