Mar sin do ċúadar na Hedomitiġ ó ḃeiṫ fáoi laiṁ Iúdah gus a niuġ. Annsa nam ċéadna fós do ḟill Libnah ó ḃeiṫ fáoi na láiṁ; do ḃríġ gur ṫréig sé an TIĠEARNA Día a aiṫreaḋ.
Do ḃí Sedeciah blíaḋuin agus fiṫċe daóis an tan do ṫosuiġ sé a ríoġaċt, agus do rioġuiḋ sé aóinḃlíaḋuin déag an Ierusalem. Agus dó bé ainm a ṁaṫar Hamutal inġean Ieremiah ó Libnah.
¶ Agus an lá céadnasin do ġaḃ Iosua Macedah, agus do ḃúail í le faoḃar an ċloiḋiṁ, agus a ríġ do ṁarḃ sé ṫríd amaċ, íad féin, agus a raiḃ danmannuiḃ inte; níor léig sé aon díoḃ as: agus do rinne sé ré ríġ Ṁacedah mar do rinne re ríġ Ieriċo.
Agus do ṫoirḃir an TIĠEARNA í mar an gcéudna, agus a rí, a láiṁ Israel; agus do ḃúail se í lé fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus a raiḃ danmannuiḃ inte; níor léig sé áon díoḃ as dá raiḃ inte; agus do rinne sé ré na ríġ mar do rine re ríġ Ieríċo.
Agus do ḋéana tú ré Hái agus re na ríġ, mar do rinne tú ré Ieriċo agus re na ríġ: aṁáim a héadáil, agus a háirnéis, glacfuiḋe mar ċreiċ ċugaiḃ féin: cuir luiġeaċan duit ar an ccaṫruiġ táoḃ ṡíar ḋí.
Agus do ċroċ sé riġ Aí ré crann go tráṫnóna: agus ar ball a ndeaċuiḋ an ġrían faói, do ḟúagair Iosua a ċorp do leagaḋ a nuas don ċrann, agus a ṫeilgion a ndul a steaċ ġeata na caiṫreaċ, agus da ṫógḃadár cárn mór ós a ċionn, noċ ṁairios gus a niuġ.