Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 10:28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 ¶ Agus an lá céadnasin do ġaḃ Iosua Macedah, agus do ḃúail í le faoḃar an ċloiḋiṁ, agus a ríġ do ṁarḃ sé ṫríd amaċ, íad féin, agus a raiḃ danmannuiḃ inte; níor léig sé aon díoḃ as: agus do rinne sé ré ríġ Ṁacedah mar do rinne re ríġ Ieriċo.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 10:28
19 Iomraidhean Croise  

A duḃairt an TIĠEARNA lem Ṫiġearna, Suiḋsi air mo láiṁ ḋeis, go ndéarna mé do cosstól dot naiṁdiḃ.


Taḃruiḋ liḃ ann so, na naiṁde úd agamsa, le nar ḃáill misi do rioġaġ ós a gceann, agus marḃaiḋ am fiaḋnuisi iad.


Oír as éigean dó ḃeiṫ na Rí, nó go gcuiriḋ sé a naiṁde uile faói na ċosaiḃ.


Agus do ġaḃamar a ċaiṫreaċa uile fa namsin, agus do ḃuaileamar ṫríd amaċ na dáoine, agus na mna, agus a cclann ḃeag, ann gaċ aon ċaṫair, níor ḟágḃamair áon na ḃeaṫaiġ:


Agus scriosfaiḋ tusa a nuile ṗobal ṫoirḃeorus an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit; ní ḃía trúaiġe ag do ṡúil dóiḃ: ní mó ḋéanas tú serḃís da ndéeiḃ; óir bíaiḋ sin mar ḋul ort féin.


Agus a nuáir do ḃéara an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit íad; buáilfe tú íad, agus scriossuiḋ tú íad ṫríd a maċ; ní ḋéana tú cunraḋ air biṫ riú, nó trócaire do ṫaisbeanaḋ ḋóiḃ:


Agus do ṫoirḃir an TIĠEARNA í mar an gcéudna, agus a rí, a láiṁ Israel; agus do ḃúail se í lé fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus a raiḃ danmannuiḃ inte; níor léig sé áon díoḃ as dá raiḃ inte; agus do rinne sé ré na ríġ mar do rine re ríġ Ieríċo.


Agus do ṡeaċuid an TIĠEARNA Laċis a láiṁ Israel, noċ do ġaḃ í an dara lá, agus do ḃuail í le fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus a raiḃ danmannuiḃ inte, do réir a nuile neiṫe do rinneadar re Libnah.


Agus do ġaḃadar í an lá sin, agus do ḃuaileadar í lé fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus a raiḃ danmannuiḃ innte do marḃaḋ íad an lá sin, do réir gaċ éainneiṫe dá ndéarnaḋ ré Laċis.


Agus do ġaḃadar í, agus do ḃuaileadar í lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus a ríġ, agus a caiṫreaċa uile, agus a nuile anam dá raiḃ inte; níor ḟág éanduine béo ḋíoḃ, do réir a nuile ní dá ndearnaḋ re Heglon; aċ do scríos go hiomlán í, agus a raiḃ danmannuiḃ inte.


Agus do ġaḃ í, agus a ríġ, agus a caiṫreaċa uile; agus do ḃuaileadar íad lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus do ṁarḃadar a raiḃ danmannuiḃ innte; níor ḟág aon béo: mar do rinne sé re Hébron is mar sin do rinne re Debir, agus re na ríġ; mar do rinne fós re Libnah, agus re na ríġ.


Ríġ Libnah, áon; ríġ Adullam, áon;


Ríġ Macedah, áon; ríġ Betel, áon;


Agus Gederot, Bet‐dagon, agus Nanmat, agus Macedah; sé caiṫreaċa déag gun a mbailtiḃ:


Agus do scriosadar go huiliḋe an ṁéid do ḃí sa gcaṫruiġ, idir ḟior agus ṁnáoi, óg agus ṡean, ḋaṁ, agus ċaoiriġ, agus assal, lé fáoḃar an ċloiḋiṁ.


Agus do ḋéana tú ré Hái agus re na ríġ, mar do rinne tú ré Ieriċo agus re na ríġ: aṁáim a héadáil, agus a háirnéis, glacfuiḋe mar ċreiċ ċugaiḃ féin: cuir luiġeaċan duit ar an ccaṫruiġ táoḃ ṡíar ḋí.


¶ Aċd a nuáir do ċúaladar muintir Ġibeon mar do rinne Iosua ré Ieriċo agus ré Hái,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan