25 Agus a duḃairt Iosua riú, Ná húambnuiġṫear siḃ, agus ná biṫí imṡuíoṁaċ, bíṫí láidir agus láinḃéoḋa: óir is marso do ḋeana an TIĠEARNA ré ḃur naiṁdiḃ uile re a ttroidfiġ:
Na caṫuíġṫe móra do ċonnairc do ṡúile, agus na coṁarṫaiḋ, agus na hiongantasa, agus an láiṁ ċuṁaċdaċ, agus an riṫ sínte amaċ, lé ttug an TIĠEARNA ḃar Ndía amaċ ṫú: mar sin do ḋéana an TIĠEARNA do Ḋía ris a nuile ṗobal ré a mbía eagla ort.
A duḃairt Dáiḃi fós, An TIĠEARNA do ṡáor misi ó croḋ an leoṁuin, agus ó ċroḋ an ṁaṫġaṁuin, sáorfuiḋ sé as láiṁ an Ṗilistiniġsi mé. Agus a duḃairt Saul re Dáiḃi, Eiriġ, agus go raiḃ an TIĠEARNA maille leaċd.