Anois táinic a ccríċ, a núair do ċúaluiḋ Adonísedec riġ Ierusalem mar re ġaḃ Iosua Ai, agus gur ḋíoṫlaiṫriġ sé ṫríd amaċ í; mar do rinne re Ieriċo agus re na ríġ, marsin do rinne re Hái agus re na riġ; agus mar do rinneadar muintir Ġibeon síṫ ré Israel, agus mar do ḃádár na measg;
Ar a náḋḃarsin do ċruinniġeadar cúig ríġṫe na Namoriteaċ íad féin a cceann a ċeile, ríġ Ierusalem, ríġ Hebron, ríġ Iarmut, ríġ Laċis, ríġ Eglon, agus do ċúadar súas, iad féin agus a slóiġ uíle, agus do ċoṁnuiġeádar a naġuiḋ Gibeon, agus do rinneadar cogaḋ na haġaiḋ.