22 ¶ Annsin a duḃairt Iosua, Oscluiġ béul na húaṁa, agus taḃair ċúgam amaċ na cúig riġṫe sin as a núaṁaiġ.
Agus a duḃairt Iosua, Iompóiḋ cloċa móra ar ḃéul na húaṁa, agus cuiriġ dáoine láiṁ ría ḋá ccoiṁéad:
Agus do ḟilleadar an pobal uile don ċampa go Iosua a Macedah a síoṫċáin: níor ċorruiḋ éanduine a naġaiḋ áoin do ċloinn Israel.
Agus do rinneadar mar sin, agus tugadar na cúig ríġṫe sin ċuige amaċ as a núaṁuiġ, ríġ Ierusalem, ríġ Hebron, ríġ Iarmut, ríġ Laċis agus ríġ Eglon.
Agus do ġaḃadar riġ Ai na ḃeaṫaiġ, agus tugadar ċum Iosua é.
¶ Ann sin a duḃairt Samuel, Taḃairsi leaċd annso ċugamsa Agag ríġ na Namaleciteaċ. Agus ṫáinic Agag súas ċuige go cóiriġṫe. Agus a duḃairt Agag, Go deiṁin do ċuáiḋ searḃadus an ḃáis seaċad.