2 Gur eagluiġeadar go mór, do ḃríġ go raiḃ Gíbeon na caṫruiġ ṁóir, mar aon do na caiṫreaċaiḃ ríoġaṁla, agus do ċionn gur ṁó í ná Ai, agus go raḃadar a daoine uile láidir.
Ní feadfaiḋ duine ar biṫ seasaṁ roiḃ: óir cuirfe an TIĠEARNA ḃur Ndía ḃur neagla agus ḃur gcrioṫnuġaḋ ar a nuile ḟearann ar a sailteorṫáoi, fá mar a duḃairt sé riḃ.
A niuġ ṫoiseoċus misi ar uaṁan agus eagla roṁadsa do ċur ar a ḃfuil fáoi neaṁ uile, noċ ċluinfeas túaruscḃáil ortsa, agus crioṫnoċuid, agus béid a ndoilġios ar heaglasa.
Agus do ḟreagradarsan Iosua, agus a duḃradar, Do ḃriġ gur dearḃaḋ dot ṡeirḃíseaċuiḃ, mar do aiṫin do ṪIĠEARNA Día ḋá óglaċ Maoise an dúiṫċe uile do ṫaḃairt daoiḃsé, agus duṫċusaiġ na tíre uile do scríos roṁuiḃ, uime sin do ḃámar lán deagla ar nanmann roṁuiḃsi, agus do rinneamar an nísi.
¶ Agus a duḃairt Dáiḃi re Aċis, Má fuáir mé anois grasa ad raḋarc, tugaidís áit ḋaṁ a mbaile éigin annsa tír, le ndéana mé coṁnuiġe ann: óir créd fá ccoiṁneoċaḋ do ṡearḃḟoġantuiġ annsa ċaṫair ríoġa ad ḟoċair?