Aṁuil dá tteiṫeaḋ duine roiṁe leoṁan, agus go tteigeoṁaḋ beṫir air; no go raċaḋ a steaċ annsa tiġ, agus a láṁ do léigion air an mballa, agus aiṫir niṁe do ḃreiṫ air.
Do ċonnairc mé an TIĠEARNA na ṡeasaṁ air a naltóir: agus a duḃairt sé, Buáil an fárdorus, ċor go ccroiṫid na postaḋa: agus géarr annsa ċionn íad, iad uile; agus muirfiḋ misi an deiġionaċ ḋíoḃ leis an ccloiḋeaṁ; an té ṫeiṫfios díoḃ ní raċfuiḋ sé as, agus an té raċfus as, ní sáorfuiġear é.
Aċ ná fanuiġsi, leanuiḋ a ndiaiġ ḃur náṁad, agus búailiḋ a ndeireaḋ; ná léigiḋ ḋóiḃ dul a steaċ da gcaiṫreaċuiḃ: óir do ṫoirḃir ḃur TTIĠEARNA Día ann ḃur laṁuiḃ íad.