Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 10:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 ¶ Aċ do ṫeiṫiodar na cúig riġṫesi, agus do dfoluiġeadar íad féin a núaṁuiġ ag Macedah.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 10:16
17 Iomraidhean Croise  

Teiṫid ríġṫe slúaġ, teiṫid: agus roinne sisi noċ ċoṁnuiġios a stiġ a néadail.


Bíoḋ gur luiġioḃair a measg na mbránraḋ, beiṫí mar sciaṫáin coluim ar na ḃfolaċ lé hairgiod, agus a cleiteaċ ré ór buiḋe.


Dá mbeiṫ go ttoċolaidís go hifrionn, do ḃéara mo láṁsa as íad; dá mbeiṫ go ndéandaois dreapaireaċt súas go neaṁ, do ḃéara mé liom as sín a núas íad:


Liġfid an luáiṫreaḋ aṁuil naiṫir niṁe, corroċuid amaċ as a bpolluiḃ aṁuil péiste na talṁan: biáiḋ eagla an TIĠEARNA ar Ndía orra, agus biáiḋ eagla orra air do ṡonsa.


Agus dfill Iosua, agus Israel uile maille ris, don ċampa go Gilgal.


Agus do hinniseaḋ sin do Iosua, ġá ráḋ, Do fríṫ an cúigear riġṫe a núaṁuiġ ag Macedah.


Ar a náḋḃarsin do ċruinniġeadar cúig ríġṫe na Namoriteaċ íad féin a cceann a ċeile, ríġ Ierusalem, ríġ Hebron, ríġ Iarmut, ríġ Laċis, ríġ Eglon, agus do ċúadar súas, iad féin agus a slóiġ uíle, agus do ċoṁnuiġeádar a naġuiḋ Gibeon, agus do rinneadar cogaḋ na haġaiḋ.


Agus do ḟoluiġeadar ríġṫe na talṁan, agus na daóine móra, agus na daóine saiḋḃre, agus na hárdċaiptíniġe, agus na daóine cúṁaċdaċ, agus gaċ searḃḟoġantuiġe, agus gaċ duine sáor, íad féin a dtuinṫiġiḃ agus a measg ċarrag na sléiḃteaḋ;


Agus rug láṁ Ṁídian búaiḋ a naġaiḋ Israel: agus air eagla na Mídianaċ do rinneadar clann Israel ḋóiḃ féin na húaṁa atá an sna sléiḃtiḃ, agus na cúasa, agus na daingneaċa láidre.


¶ A nuáir do ċonncadar fir Israel go raḃadar a gcuṁgaċ (óir do ḃádar na dáoine a néigion), ansin dfolċadar an pobal íad féin a nuaṁuiḃ, agus a ḃfíoḋḃuiḃ, agus a gcairrgiḃ, agus a náitiḃ árda, agus a cclasaċaiḃ.


Agus ṫainic sé do na tiġṫiḃ cáoraċ láiṁ ris an tsliġe, mar a raiḃ uáiṁ; agus do ċuáiḋ Saul a steaċ dfolaċ a ċos: agus do ḃí Dáiḃi agus a ṁuinntir a ttaoḃ na húaṁa.


¶ Déiriġ Daiḃi mar an gcéadna na ḋiaiġsin, agus do ċuáiḋ amaċ as a núaṁuiġ, agus do ġoir a ndiáiġ Ṡauil, ḋá ráḋ, Mo ṫiġearna an ríġ. Agus a núair dféuċ Saul na ḋiáiġ, do ċrom Dáiḃi maille re na aġaiḋ faoi ċum na talṁan, agus duṁluiġ sé é féin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan