Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 10:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus dfan an ġrían na ṡeasaṁ, agus do sdad an ġealaċ, no gur ḋioġladar na dáoine íad féin air a náṁuiḋ. Naċ ḃfuil so scríoḃṫa a leaḃar Iaser? Mar sin dfan an ġrían na ṡeasaṁ a lár neiṁe, agus nior ḋeifriġ ar ḋul fáoi timċioll laoí iomláin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 10:13
29 Iomraidhean Croise  

Mar an gcéadna daiṫin sé ḋíoḃ cleaċdaḋ an ḃoġa do ṁunaḋ do ċloinn Iúdah: féuċ, atá sé scríoḃṫa a leaḃar Iaser.


Agus do ḟreagair Heseciah, Is ní súarraċ don sgáile dul síos deiċ ccéim: ní heaḋ, aċd filleaḋ an sgáile deiċ ccéim ar ais.


Cóip na scríḃne do ṫaḃairt mar aiṫne ann gaċ áon ṗroiḃinnsi dá ḟoillsiuġaḋ do nuile ṗobal, agus go mbéidis na Niúduiġe réiġ a ccoinne an láe sin dá ndioġuilt féin ar a naiṁdiḃ.


An té noċ ḟúagras don ġréin, agus ní éirġionn sí, agus ṡéaluiġeas súas na réulta.


Moluiḋ é, a ġrían agus a ġealaċ: moluiḋ é, a uile réulta an tsoluis.


Téid a líne go fóirleaṫan annsa talaṁ uile, agus a mbríaṫra go deireaḋ an doṁuin. Do ċuir sé páilliun don ġréin ionnta,


Annsin ċlaóiḋfiġear an ġealaċ, agus biáiḋ náire air an ngréin, a nuáir ríġfeas TIĠEARNA na slóġ a slíaḃ Síon, agus ann Ierusalem, agus a ḃfíaġnuise a ṡeanaḋ go glórṁar.


Féuċ, do ḃéara mé a rís sgáile na ccéimionn, do ċúaiḋ síos don ġréin a ccéimiḃ Ahas, deiċ ccéime ar a nais. Annsin dfill an ġrían deiċ ccéime, réir na céimiḃ lé a ndeaċuiḋ síos.


Crioṫnoċuiḋ an talaṁ rompa; coiṁċreaṫfuid na neaṁa: biáiḋ an ġrían agus an ġealaċ dorċa, agus coinneoċuid na réulta air a ndéalraḋ:


Fillfiġear an ġrían a ndorċadas, agus an ġealaċ a ḃfuil, rioṁe an lá mór agus úaṫḃásaċ an TIĠEARNA do ṫeaċt.


Dorċoċṫar an ġrían agus an ġealaċ, agus coinneoċuid na réulta air ais a ndéallraḋ.


Dfan an ġrían agus an ġealaċ na seasaṁ iona háit féin: dimṫiġeadar fa ṡolus do ṡoiġead, agus fa loinnir do ġaṫ tonnaiġ.


Is uime sin a deirṫear a leaḃruiḃ eoguiḋ an TIĠEARNA, Giḋ bé rinne sé san muir Ruáiḋ, agus ag sroṫuiḃ Arnon.


Dioġail clann Israel ar na Mídianċuíḃ: na ḋiáiġ sin cruinneoċṫár ċum do ḋáoine ṫú.


Ar an mball ndíaiġ trioblóide na laiṫeaḋ úd bíaiḋ an ġrían ar ua ḋorċuġaḋ, agus ní ṫioḃra an ġealaċ a soillsi úaiṫe, agus tuitfid na réulta ó neaṁ, agus craiṫfiḋṫear suḃáilciḋe neiṁe.


Do ċum go mbeiṫ siḃ ḃur gcloinn ag ḃur Naṫair féin atá air neaṁ: óir do ḃeir seisean fa deara go néirġean a ġrían air na droċ ḋaoíniḃ agus air na deaġ ḋaóiniḃ, agus do ní sé fearṫuinn air na firéunaċaiḃ agus air na neiṁḟiréunċuiḃ.


A né naċ déana Diá dioġaltas ar son a ḋáoine toġṫa féin, éiṁġeas air do lá agus doiḋċe, ge atá foiġid aige na ttimċeall?


Iompóċar an ġrían a ndorċadas, agus an ġealaċ a ḃfuil, suil ṫiocfas ab lá mór oirḋeirc sin an Tiġearna:


Agus tárla, mar do ḃádar ag teiṫioṁ roiṁe Israel, agus iad ag dul ré fanuiḋ go Betóron, gur ṫeilg an TIĠEARNA cloċá móra a núas ó neaṁ orra go nuige Asecah, agus gur marḃaḋ íad: ba mó an ṁéid do marḃaḋ le cloiċṡneaċda ḋíoḃ, ná ar ṁarḃadar clann Israel leis an ccloiḋeaṁ.


Agus ní raiḃ éanlá ríaṁ cosṁuil ris sin roiṁe nó na ḋiáiġ, gur éist an TIĠEARNA re guṫ duine: óir do ṫroid an TIĠEARNA ar son Israel.


Agus ní ríaċdanaċ air an ccaṫruiġse grían, ná gealaċ dó ṡoillsiuġaḋ innte: óir do ṡoillsiġ glóir Dé í, agus a sé an Túan is solas di.


Agus do éiġeadar go ġúṫ ard, ag ráḋ, Cá fad ḃías tú, a Ṫiġearna, náoṁṫa ḟírinniġ, gan breiṫeaṁnus do ḃreiṫ agus dioġaltus do ḋéunaṁ ar son ar ḃfolainne ar an druing áitiġeas ar an dtalaṁ?


Agus do ḟéuċ mé an tan do ḟosguil sé an seiseaḋ séula, agus, féuċ, do ċríoṫnuiġ an talaṁ go mór; agus do rinneaḋ an ġrían cóṁḋorċa ré héudaċ róin, agus do rinneaḋ an ġealaċ uile cósṁuil ré fuil;


Agus do ṡéid an ceaṫraṁaḋ aingeal a sdoc, agus do buáileaḋ an treas cuid don ġréin, agus an treas cuid don ġealuiḋ, agus an treas cuid do na réultuiḃ; ionnus go ndearnaḋ an treas cuid dioḃ dorċa, agus níor ḋeallruiġ an lá an treas cuid de, agus a noiḋċe mar an gcéudna.


Agus do ġoir Samson ar an TTIĠEARNA, agus a duḃairt sé, A ṪIĠEARNA Día, guiḋim ṫú, cuiṁniġ orum, agus neartuiġ mé, a néanuairse aṁáin a Ḋé, iondus go ndéanuinn dioġaltas a neínfeaċd ar na Ṗilistineaċuiḃ ar son mo ḋá ṡúl.


Moluiġsi an TIĠEARNA, do ċionn dioġaltais Israel, á núair do ṫoirḃriodar na daoine íad féin go toileaṁuil.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan