Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 10:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 ¶ Ann sin do laḃair Iosua ris an TTIĠEARNA an sa lá ṫoirḃir an TIĠEARNA na Hámorítiġ súas roiṁe ċloinn Israel, agus a duḃairt sé a raḋarc Israel, A ġrían, fan ad ċoṁnuiġe ar Ġibeon; agus a ġealaiḋ, a ngleann Aialon.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 10:12
29 Iomraidhean Croise  

¶ Agus do ċuáiḋ Abner ṁac Ner, agus searḃḟoġantuiġiḋ Isbóset ṁic Sauil, amaċ ó Ṁahanaim go Gibeon.


Agus do ḟreagair Heseciah, Is ní súarraċ don sgáile dul síos deiċ ccéim: ní heaḋ, aċd filleaḋ an sgáile deiċ ccéim ar ais.


Agus do éiġ Isaiah an fáiġ ċum an TIĠEARNA: agus rug sé an sgáile deiċ ccéim ar cúl, ann a ndeaċuiḋ sé síos a ndiail Ahas.


Agus a duḃairt Isaiah, Do ġeaḃa tú an coṁarṫasa ón TTIĠEARNA, go ndéana an TIĠEARNA an ní do laḃair sé: an raċaiḋ an sgáile ar aġaiḋ deiċ gcéim, no deiċ gcéim air ccúl?


Beriah mar an ccéadna, agus Séma, noċ ba cinn daiṫriḃ áitreaḃaċ Aiialon, noċ do ḋíbir aítreaḃuiġ Ġát:


Agus Sórah, agus Aiialon, agus Hébron, noċ atá ann Iúdah agus a Mbeniamin caiṫreaċa daingne.


An té noċ ḟúagras don ġréin, agus ní éirġionn sí, agus ṡéaluiġeas súas na réulta.


Moluiḋ é, a ġrían agus a ġealaċ: moluiḋ é, a uile réulta an tsoluis.


Téid a líne go fóirleaṫan annsa talaṁ uile, agus a mbríaṫra go deireaḋ an doṁuin. Do ċuir sé páilliun don ġréin ionnta,


Is duitsi is dúal an la, is leatsa fós a noiḋċe: dórduiġ tú an solus agus an ġrían.


Oír éireoċuiḋ an TIĠEARNA súas aṁuil a sliaḃ Perasim, biáiḋ sé feargaċ aṁuil do ḃí a ngleann Gíbeon, ċor go ndéana sé a obair, a obair iongantaċ; agus go ttiuḃra ċum críċe a ġníoṁ, a ġnioṁ iongantaċ.


Féuċ, do ḃéara mé a rís sgáile na ccéimionn, do ċúaiḋ síos don ġréin a ccéimiḃ Ahas, deiċ ccéime ar a nais. Annsin dfill an ġrían deiċ ccéime, réir na céimiḃ lé a ndeaċuiḋ síos.


Ní raċuiḋ do ġrían faói ní as mó; agus ní ṡeaċona do ġealaċ í féin: óir isé an TIĠEARNA ḃus solus síoṫḃúan duit, agus críoċnoċṫar láeṫe do ġuḃa.


Agus tárla an ḃliaḋuin ċéadna, a ttosaċ rioġaċta Ṡedeciah ríġ Iúdah, annsa ċeaṫraṁaḋ bliaḋain, agus annsa ċúigeaḋ mí, gur laḃair Hananiah mac Asur an fáiġ, noċ do ḃí do Ġibeon, riomsa a ttiġ an TIĠEARNA, a laṫair na sagairt agus an ṗobail uile, ġa ráḋ,


¶ Giḋeaḋ do scrios misi an Tamoríteaċ rompa, a raiḃ a áirde cosṁuil le háirde cedair, agus do ḃí laidir aṁuil na dairġiḃ; giḋeaḋ do scrios mé a ṫoraḋ a núas, agus a ḟréaṁa fáoi.


Agus ttiucfa a ccríċ annsa ló sin, a deir an Tiġearna DIA, go ttiuḃra misi air an ngréin dul faói san meaḋon laói, agus do ḋéana mé an talaṁ dorċa san ló ġlan:


Aċt atá an TIĠEARNA iona ṫeampall náoṁṫa: bíoḋ an talaṁ uile na ṫoċd dá laṫair.


Dfan an ġrían agus an ġealaċ na seasaṁ iona háit féin: dimṫiġeadar fa ṡolus do ṡoiġead, agus fa loinnir do ġaṫ tonnaiġ.


Bíṫi ḃur ttoċd, a uile ḟéoil, a laṫair an TIĠEARNA: óir atá sé ar na ṫógḃáil súas as a áitreaḃ náoṁṫa.


Agus go neaċaiḋ agus gur ḟreastaluiġ dée eile, agus gur aḋraiḋ íad, an ġrían, no an ġealaċ, no éinni do ṡlúaġ niṁe, naċ ar aiṫin misi;


Agus deagla go ttóigfeá do ṡúile súas ċum niṁe, a nuáir do ċífeá an ġrían, agus an ġealaċ, agus na réulta, sluáġ níṁe uile, go ttáireongṫáoi ṫú ċum a naḋarṫa, agus do ḋéanaṁ serḃíse ḋóiḃ, noċ do roinn an TIĠEARNA do Ḋía ris a nuile ċineaḋ fáoi neaṁ uile.


Agus dfan an ġrían na ṡeasaṁ, agus do sdad an ġealaċ, no gur ḋioġladar na dáoine íad féin air a náṁuiḋ. Naċ ḃfuil so scríoḃṫa a leaḃar Iaser? Mar sin dfan an ġrían na ṡeasaṁ a lár neiṁe, agus nior ḋeifriġ ar ḋul fáoi timċioll laoí iomláin.


Agus Saalabbin, agus Aialon, agus Ietlah,


Aialon gun a cuimíniḃ, Gatrimmon gun a cuimíniḃ; ceiṫre caiṫreaċa.


Agus fuáir Elon an Sebuloniteaċ bás, agus do haiḋlaiceaḋ é ann Aiialon a ttír Ṡebulon.


Do ṫroideadar ó ḟlaiṫeaṁnus; do ċaṫuiġeadar na réulta ann a sliġṫiḃ a naġaiḋ Ṡisera.


¶ Mar sin do ġoir Samuel ar an TTIĠEARNA; agus do ċuir an TIĠEARNA tóirneaċ agus fearṫuinn an lá sin: agus do ġaḃ eagla ṁór an pobal uile roiṁe an TTIĠEARNA agus roiṁe Ṡamuel.


¶ Agus do ḃuáileadar na Ṗílistiniġ an lá sin ó Ṁiċmas go Haiialon: agus do ḃádar na daoine ro‐lag.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan