Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 10:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus do ċlaóiḋ an TIĠEARNA íad roíṁe Israel, agus do ṁarḃ íad re hár mór a Ngibeon, agus do ṫiomáin íad ar fud na sliġeaḋ ṫéid súas go Betóron, agus do ḃúaileadar íad go Asecah, agus go Macedah.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 10:10
29 Iomraidhean Croise  

Agus do ċuir sé saiġde amaċ, agus do scaóil ó ċéile íad; teinteaċ, agus do ċláoiḋ sé íad.


Agus do ċur Solaṁ Geser, agus Betoron ioċdaraċ súas,


Annsin do ḃúail an TIĠEARNA na Hetiópiġ roiṁe Asa, agus roiṁe Iúdah; agus do ṫeiṫiodar na Hetiópiġ.


¶ Aċt na soíġdiúiríġ do ċuir Amasiah ar a nais, ċor naċ raċaidis leís ċum caṫa, do ṫiomáineadar air ċaiṫreaċaiḃ Iúdah, ó Ṡamáriah air fad go Bet‐óron, agus do ḃuáileadar trí ṁíle ḋíoḃ, agus rugadar iomarcuiġ éadála léo.


Fós, do ċaiṫ sé a ṡoiġde, agus do spréiḋ sé íad; agus do ċaiṫ tinnteaċ, agus do ċlaói íad.


Oír ní re na gcloiḋeaṁ do ġaḃadar oiġreaċd a nfearuinn, agus ní hí a láṁ féin do ṡáor íad: aċt do láṁ ḋeassa, agus do ríġ, agus solus haiġṫe, do ḃríġ go raiḃ tú faḃarṫaċ ḋóiḃ.


A nuáir do spréiḋ an Tuileċuṁaċdaċ ríġṫe air a sonsa, do ḃí sí mar ṡneaċta a Salmon.


Agus do ṫeilg amaċ rompa na geintiġe fós, agus do roinn sé oiġreaċd dóiḃ re crannċaír, agus ṫug air ṫreaḃuiḃ Israel áitriuġaḋ iona nionad suiḋe.


Oír éireoċuiḋ an TIĠEARNA súas aṁuil a sliaḃ Perasim, biáiḋ sé feargaċ aṁuil do ḃí a ngleann Gíbeon, ċor go ndéana sé a obair, a obair iongantaċ; agus go ttiuḃra ċum críċe a ġníoṁ, a ġnioṁ iongantaċ.


Agus do ḃéara an TIĠEARNA fa deara a ġuṫ glórmar do ċluinsion, agus foillseoċuiḋ sé tuirling a láiṁe a núas, maille re dioġaltas a ḟeirge, agus lé lasair ṫeineaḋ scriosta, maille re sgabaḋ, lé hanfa, agus lé cloiċṡneaċda.


A nuáir do ṫroid slúaġ ríġ na Babilóine a naġáiḋ Ierusalem, agus a naġáiḋ uile ċaiṫreaċa Iúdah dar ṁair, a naġáiḋ Laċis, agus a naġáiḋ Asecah: óir do ṁaireadar na caiṫreaċa daingnesi do ċaiṫreaċaíḃ Iúdah.


¶ Annsin raċus an TIĠEARNA amaċ, agus troidfiḋ sé a naġaiḋ na ccineaḋaċso, aṁuil do ṫroid sé a ló an ċaṫa.


Aċd do ḃéara an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit íad, agus sgriosfuiḋ sé íad le dioġḃuḋ móir, no go raḃuid millte.


Agus tárla, mar do ḃádar ag teiṫioṁ roiṁe Israel, agus iad ag dul ré fanuiḋ go Betóron, gur ṫeilg an TIĠEARNA cloċá móra a núas ó neaṁ orra go nuige Asecah, agus gur marḃaḋ íad: ba mó an ṁéid do marḃaḋ le cloiċṡneaċda ḋíoḃ, ná ar ṁarḃadar clann Israel leis an ccloiḋeaṁ.


¶ Agus an lá céadnasin do ġaḃ Iosua Macedah, agus do ḃúail í le faoḃar an ċloiḋiṁ, agus a ríġ do ṁarḃ sé ṫríd amaċ, íad féin, agus a raiḃ danmannuiḃ inte; níor léig sé aon díoḃ as: agus do rinne sé ré ríġ Ṁacedah mar do rinne re ríġ Ieriċo.


Ṫáinic Iosua ar a naḋḃarsin ċuca go hobann, agus do ċuáiḋ sé súas ó Ġilgal ansa noiḋċe,


Agus do ṫoirḃir an TIĠEARNA a láiṁ Israel íad, noċ do ḃuáil íad, agus do ṁaḋmuiġ orra go Sídon ṁóir, agus go Misrepot‐maim, agus go gleann Mispeh ṡoir; agus do ḃuáileadar íad, no gur ḟágḃadar gan áon béo ḋíoḃ.


Ríġ Macedah, áon; ríġ Betel, áon;


Iarmut, agus Adullam, Socoh, agus Asecah,


Agus Gederot, Bet‐dagon, agus Nanmat, agus Macedah; sé caiṫreaċa déag gun a mbailtiḃ:


Agus ṫeíd síos a taoḃ ṡíar go cósta na Iaṗleteaċ, go nuige cósta Ḃetóron ioċtaraċ, agus go Geser: agus ataíd a ndula amaċ sin ag an ḃfairge,


¶ Agus is marso do ḃí teóra ċloinne Eṗraim do reír a muinntear: eaḋon teóra a noiġreaċda ar an ttáoiḃ ṡoir do bé Atarot‐addar, go Betóron uaċdaraċ;


Agus Cibsaim gun a bailtiḃ, agus Betóron gun a cuimíniḃ; ceiṫre caiṫreaċa.


Agus do ċlaóiḋ an TIĠEARNA Sisera, agus a ċarbuid uile, agus a ṡlúaġ uile, le fáoḃar an ċloiḋiṁ roiṁe Ḃárac; ionnus gur ṫuirling Sisera as a ċarbad síos, agus gur ṫeiṫ a luas a ċos.


Aċ do lean Bárac a ndiáiġ na gcarbad, agus a ndiaiġ an tslóiġ, go Haroset na Ngeinteaḋ: agus do ṫuit slúaġ Ṡisera uile le fáoḃar an cloiḋiṁ; agus níor fágḃaḋ duine ḋioḃ.


Do ṫroideadar ó ḟlaiṫeaṁnus; do ċaṫuiġeadar na réulta ann a sliġṫiḃ a naġaiḋ Ṡisera.


Agus do iompoiġ cuideaċda oile ann sa tsliġe go Bet‐óron: agus diompoiġ cuideaċda oile ċum a nimil noċ ḟéaċus go gleann Ṡeboim leaṫ ris an ḃfásaċ.


Anois do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ a slúaġ a cceann a ċéile ċum caṫa, agus do cruinniġeadar íad féin a ḃfoċair a ċéile a Sócoh, noċ is le Iudah agus do ċampuiġeadar eidír Ṡócoh agus Hasécah, an Eṗes‐dammim.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan