Agus féuċ, ataimsí maille riot, agus cuiṁdeóċuiḋ mé ṫú ann gaċ uile ḃall a ngéuḃa tú, agus do ḃéura mé a rís don tírsi ṫú: oir ní ḟágfaiḋ mé ṫú, nó go ndéarna mé an ní do laḃair mé riot.
¶ Anois do aiṫin Absolon da ṡearḃḟoġantaiġiḃ, ġa ráḋ, Coṁarṫuiġ anois a nuáir ḃías croiḋe Amnon súgaċ o ḟíon, agus a nuáir a déara misi riḃ, Buaíliġ Amnon; annsin marḃuiḋ é, ná bíoḋ eagla oruiḃ: naċ ar áiṫin misi ḋiḃ é? bíġi curata, agus bíġi beóḋa.
¶ Agus a duḃairt Dáiḃi re Solaṁ a ṁac, Bí láidir agus bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agad, agus déana é: ná bíoḋ eagla ort, agus na bí anḃuáineaċ: óir biáiḋ an TIĠEARNA Día, eaḋon mo Ḋíasa, leaċd; ní ḟailleoċuiḋ sé ort, ní mó ṫréigfe sé ṫú, nó go ccríoċnuiġe tú a nuile obair ċum serḃíse ṫiġe an TIĠEARNA.
¶ Ná bíoḋ eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigḃríġeaċ: óir is misi do Ḋía: neirteoċuiḋ mé ṫú: fós, cuideoċa mé leaċd; fós, cuinneoċa mé súas ṫú le láiṁ ḋeis mo ċeirt.
Aċt a nois is marso a deir an TIĠEARNA do ċruṫaiḋ ṫusa, a Iácob, agus an té do ċum ṫú, a Israel, Ná himeagluiġ: óir dfúasguil mé ṫú, do ġoir mé ṫú as hainm; is liomsa ṫú.
Agus a dúḃairt, A ḋuine air a ḃfuil róġráḋ, ná bíoḋ eagla ort: síoṫċáin maille riot, bí láidir, fós, bí láidir. Agus a nuáir do laḃair sé riom, do neartuiġeaḋ mé, agus a dúḃairt, Laḃraḋ mo ṫiġearna; óir do neartuiġ tú mé.
Giḋeaḋ ċeana anois bíḋ láidir, a Ṡerubbabel, a deir an TIĠEARNA; agus bí láidir, a Iosuah, ṁic Iosedeċ, an tárdsagart; agus bíṫí láidir, a uile ṗobal na tíre, a deir an TIĠEARNA, agus oibriġiḋ: óir atáimsi maille liḃ, a deir TIĠEARNA na sloġ.
Féuċ, do ċuir an TIĠEARNA ar Ndía an dúṫaiġ roṁuiḃ: éirġiḋ agus sealḃuiġiḋ í mar a duḃairt an TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ; ná himeagluiḋiġ, agus na bíoḋ míṁeisneaċ oruiḃ.
Anuair raċus tú amaċ do ṫroid a naġuiḋ do náṁad, agus do ċífe tú eiċ, agus carbuid, agus daóine is lía na ṫú fein, ná bíoḋ eagla ort rompa: óir atá do ṪIĠEARNA Día maille riot, noċ ṫug amaċ as críċ na Hégipte ṫú.
¶ Agus do ċuir dualaċ ar Iosua ṁac Nun, agus a duḃairt, Bi láidir béoḋa: óir ḃéara tú clann Israel don tír do ṁionnuiġ misi ḋóiḃ: agus biáiḋ misi maille riot.
Cruinniġiḋ ċugam sinnsir ḃur ttreaḃ uile, agus ḃur noifigiḋ, go laḃra mé na bríaṫrasa iona gcluásuiḃ, agus go ngoiríḋ mé neaṁ agus taluṁ dḟiaḋnuisi na naġaiḋ.
Giḋ bé ċuirfios a naġuiḋ haiṫnesi, agus naċ éistfe ré do ḃríaṫruiḃ a ngaċ éinní aiṫeonus tú ḋé, cuirfiġear ċum báis é: aṁáin bí laídir, agus deiġṁeisniġ.
Agus a duḃairt Iosua riú, Ná húambnuiġṫear siḃ, agus ná biṫí imṡuíoṁaċ, bíṫí láidir agus láinḃéoḋa: óir is marso do ḋeana an TIĠEARNA ré ḃur naiṁdiḃ uile re a ttroidfiġ:
¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosua, A niuġ ṫoiseoċus mé ar ṫusa oirḋerceaḋ a measg Israel uile, ċor go mbía a ḟios aca, mar do ḃí mé le Maóise, go mbía mé mar sin leaċdsa.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosua, Na bíoḋ eagla ort, agus ná húaṁnuiġear ṫú: beir leaċd na fir coguiḋ uile, agus éiriġ, imṫiġ súas go Hái: feaċ, ṫug misi ad láiṁ rí Aí, agus a ḋaóine, agus a ċaṫair, agus a ḋúiṫċe: