Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 1:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Aṁain bísi láidir agus roċurata, ċor go gcoiṁéadfa tú do ḋéanaṁ do réir an dliġe uile, noċ do aiṫin mo ṡerḃíseaċ Maóise ḋiot: na hiompóiġ uaḋ ar an láiṁ ḋeis nó ċlé, ċor go mbía tú sona giḋ bé ar biṫ áit a raċa tú.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 1:7
25 Iomraidhean Croise  

Atáimse ag dul a sliġe na talṁan uile: bise láidir ar a naḋḃarsin, agus taisbéin ṫú féin go fearambuil;


Agus coiṁéad cúram do ṪIĠEARNA Dé, ag siuḃal iona ṡliġṫiḃ, ag coiṁéad a statúideaḋ, agus a aiṫeanta, agus a ḃreiṫeaṁnasa, agus a ḟiaġnuiseaḋ, mar atá scrioḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaóise, ċor go mbeiriġ tú buáiḋ ann sa nuile ní dá déana tú, agus ann gaċ uile ṫáoḃ a niompoċuíḋ tú ṫú féin:


Agus do rinne sé an ní fa ṁaiṫ a raḋarc an TIĠEARNA, agus do ṡiuḃail sé a nuile ṡliġṫiḃ a aṫar Dáiḃi, agus níor ḟill sé do leaṫtaoiḃ ar a láiṁ ḋeis nó ar a láiṁ ċlé.


Ann sin éireoċuiḋ sonus duit, má ṫúgann tú aire do ċoiṁlíonaḋ na reaċda agus na mbreiṫeaṁnus noċ do ċuir an TIĠEARNA dualaċ ar Ṁaoise a ttaoḃ Israel: bí láidir, agus bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agad; na himeagluiḋ, agus na húaṁnuiġṫear ṫú.


Biṫí laídir air a naḋḃarsin, agus ná bídís ḃur láṁa lag: óir do ġeaḃṫáoi lúaċ ḃur sáoṫair.


Agus díarr sé Día ré linn Ṡeċariah, agá raiḃ tuigsin a ḃfisiḃ Dé: agus an feaḋ do lean sé an TIĠEARNA, ṫug Día raṫ air.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Sátan, Ar ṁeas tú mo ṡearḃḟoġantuiġ Iób, naċ ḃfuil áon cosṁuil ris air an ttalaṁ, duine iomlán díreaċ, aon ar a ḃfuil eagla Dé, agus ṡeaċnas olc?


A ṪIĠEARNA a Ḋé na slóġ, iompóiġ arís sinn, agus taisbéin haġaiḋ ḋúinn; agus bíam slán.


Ná fill air an laiṁ ḋeis nó ċlé: áṫruiġ do ċos ó nolc.


Tréoruiġim a sliġe a nionnracuis, a meaḋon ċasán an ḃreiṫeaṁnuis:


Agus a dúḃairt, A ḋuine air a ḃfuil róġráḋ, ná bíoḋ eagla ort: síoṫċáin maille riot, bí láidir, fós, bí láidir. Agus a nuáir do laḃair sé riom, do neartuiġeaḋ mé, agus a dúḃairt, Laḃraḋ mo ṫiġearna; óir do neartuiġ tú mé.


Agus do ċuir sé a láṁ air, agus ṫug cúram ḋó, mar do aiṫin an TIĠEARNA lé láiṁ Ṁaóise.


Uime sin coiṁéadfuiḋe na huile aiṫeanta noċ aiṫniġimsi ḋiḃ a niuġ, ċor go mbeiṫí láidir, agus go reaċdaói a steaċ agus go sealḃóċuiḋe an fearann, a ḃfuiltí ag dul dá ṡealḃuġaḋ;


Giḋ bé ar biṫ ní aiṫéonus misi ḋaoiḃ, coiṁéaduiġ a ḋéanaṁ, ni ċuirfe tú éinní na ċionn, agus ní mó ḃeanfas tú ḋe.


Agus ní raċa tú a leaṫtaoiḃ ó éanḟocal dá laḃruimsi riot a niuġ ar a láiṁ ḋeis, nó ar a láiṁ ċlé, do leanṁuin dée oile do ḋéanaṁ seirḃíse ḋóiḃ.


Agus do ġaḃamar a ttír, agus ṫugamar í mar oiġreaċd do na Réubinitiḃ, agus do na Gadítiḃ, agus do leaṫ ṫreiḃe Ṁanasseh.


Coiṁéaduiġ ar a naḋḃarsin bríaṫra an ċunnarṫaso, agus déanuiḋ íad, ċor go raċdaoi ar ḃur naġuiḋ an sa nuile ní do ḋéantaói.


¶ Agus do ġoir Maóise ar Iosua, agus a duḃairt ris a raḋarc Israel uile, Bí neartṁar agus bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agad: óir caiṫfe tú dul leis an bpobal so don dúíṫċe noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA da naiṫriḃ do ṫaḃairt dóiḃ; agus do ḃéara tú orra a glacaḋ a noiġreaċd.


Ní ċnirfiḋe a gcionn an nfocail aíṫeanus misi ḋíḃ, ní mó laiġdeoċṫáoi éinní ḋe, ċor go gcoiṁéadfuiḋe aiṫeanta an TIĠEARNA ḃur Ndía noċ aiṫniġimsi ḋíḃ.


Do ḃéarṫáoi dá ḃur naire ar a naḋḃarsin go ndeárntáoi mar do aiṫin an TIĠEARNA ḃur Ndía ḋíḃ: ní ċasfuiḋe a leaṫṫáoiḃ ar ḃur láiṁ ḋeis nó ċlé.


Annois tar éis ḃáis Ṁaóise seirḃiseaċ an TIĠEARNA tarla ann, gur laḃair an TIĠEARNA re Iosua mac Nun óglaċ Ṁaóise, ġá ráḋ,


Ní ḋealoċuiḋ an leaḃarsa an dliġe red ḃéul; aċd biáiḋ tú ag meaḃair ann do ló agus doiḋċe, ċor go ttiuḃra tú haire do nuile ní da ḃfuil sgrioḃṫa ann do ḋéanaṁ: óir ann sin do ḋéana tú do ṡliġe suṫuin, agus éireoċuiḋ leaċd go maiṫ annsin.


Náċ ar aiṫin misi ḋíot? Bí láidir agus lán ḃéoḋa; ná bíoḋ eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do ṪIĠEARNA Día maille leaċd giḋ bé áit a raċa tú.


Mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋá ṡerḃíseaċ Maóise, is mar sin do aiṫin Maóise do Iosua, agus do rinne Iosua mar sin; nior ḟág sé éinní gan déanaṁ do nuile ní do ḟógair an TIĠEARNA do Ṁaóise.


Bíṫise ar a naḋḃarsin ro ċúrata do ċoiṁéad agus do ḋéanaṁ a nuile ní atá scríoḃṫa a leaḃar ḋliġe Ṁaoise, go naċ ḃfillfiḋe a leaṫṫaoiḃ uaḋ sin don láiṁ ḋeis no don láiṁ ċlé.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan