Gaċ uile ḃall a sailteoruiḋ boinn ḃur ccos buḋ liḃ féin é: ón ḟásaca agus ó Lebanon, ó naḃuin, aḃann Euṗrátes, eaḋon go nuige an ḃfairge is faide amaċ is eaḋ ḃías ḃur ttéora.
On nfásaċsa agus ón lebanonsa go nuige a naḃuinn ṁóir, sruṫ Euṗrátes, iomlán ḟearainn na Hititeaċ, agus go nuige a nfaírge ṁoir, leaṫ ré dul faoi na gréine, buḋ é ḃur ttéoran.
Agus do ṁionnuiġ Máoise an lá sin, ġá ráḋ, Go deiṁin biáiḋ an fearann air ar ṡaltuir do ċosa na oíġreaċd agadsa, agus ág do ċloinn go bráṫ, do ḃríġ gur lean tu go hiomlán mo ṪIĠEARNA Día.