2 Déug Maóise mó ṡerḃíseaċ; a nois ar a naḋḃar sin éiriġ, imṫiġ a nonn tar an Iordáinse, ṫú féin, agus an pobalsa uile, don tír do ḃeirimse ḋóiḃ, eaḋon do ċloinn Israel.
Agus do ḃéura mé ḋuitsi, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ an fearann ann a ḃfuil tu ar cuairt, tir Ċanaáin, uile, mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe; agus biaiḋ mé mar Ḋía aca.
Do ḟoirlíon tú a cclann mar an ccéadna aṁuil réultanna a naiéir, agus ṫug tú don tír íad, a ttaoḃ a ttug tú geallaḋ ḋá naiṫriḃ, go raċaidís a steaċ dá sealḃuġaḋ.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Sátan, Ar ṁeas tú mo ṡearḃḟoġantuiġ Iób, naċ ḃfuil áon cosṁuil ris air an ttalaṁ, duine iomlán díreaċ, aon ar a ḃfuil eagla Dé, agus ṡeaċnas olc?
Aċ aiṫin do Iosua, agas cuir meisneaċ ann, agus neartuiġ é: óir raċuiḋ seision anonn roiṁe na dáoiniḃsi, agus do ḃéura sé orra an dúṫaiġ do ṡealḃuġaḋ a noiġreaċd noċ do ċífe tusa.
¶ Agus do ġoir Maóise ar Iosua, agus a duḃairt ris a raḋarc Israel uile, Bí neartṁar agus bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agad: óir caiṫfe tú dul leis an bpobal so don dúíṫċe noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA da naiṫriḃ do ṫaḃairt dóiḃ; agus do ḃéara tú orra a glacaḋ a noiġreaċd.
Eírġiḋe ar feaḋ an tslóiġ, aiṫniġíḋ don ṗobal, ḋá ráḋ, Ullṁuiġiḋ lónn daóiḃ féin; óir fa ċionn ṫrí lá raċṫaói a nonn tar an Iordansa, do ḋul do ṡealḃúġaḋ na tíre, do ḃeir ḃur TTIĠEARNA Día ḋaóiḃ re na ṡealḃuġaḋ mar oiġreaċd.