Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 1:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Do réir mar do éisteamar re Maóise ann sna huile neiṫiḃ, mar sin uiṁleoċam ḋuitsi: aṁáin go mbia do ṪIĠEARNA Día leaċdsa, mar do ḃí sé lé Máoise.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 1:17
19 Iomraidhean Croise  

Ann sin a duḃairt do ḃanóglaċ, Biáiḋ anois focal mo ṫiġearna an ríġ caḃarṫaċ: óir aṁuil aingeal Dé, is marsin atá mo ṫiġearna an ríġ do ṫuigsin uilc agus maiṫeasa: uimesin biáiḋ do ṪIĠEARNA Día maille ríot.


Mar do ḃí an TIĠEARNA lem ṫiġearna an ríġ, go raiḃ mair sin le Solaṁ, agus go ndéarna sé a ċaṫáoir ríoġa níos mó ná caṫaóir mo ṫiġearna Dáiḃi riġ.


¶ Agus a duḃairt Dáiḃi re Solaṁ a ṁac, Bí láidir agus bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agad, agus déana é: ná bíoḋ eagla ort, agus na bí anḃuáineaċ: óir biáiḋ an TIĠEARNA Día, eaḋon mo Ḋíasa, leaċd; ní ḟailleoċuiḋ sé ort, ní mó ṫréigfe sé ṫú, nó go ccríoċnuiġe tú a nuile obair ċum serḃíse ṫiġe an TIĠEARNA.


Go ccluiniḋ an TIĠEARNA ṫú a ló na buáiḋearṫa; go ccoiṁéaduiġ ainm Día Iácob ṫú.


Go ttuga ḋuit do réir do ċroiḋe, agus go ccoiṁlíonuiḋ huile ċoṁairle.


O a ṪIĠEARNA, saḃail: cluineaḋ an ríġ sinn a nuáir ġoirfeam.


¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Glac ċugad Iosua ṁac Nun, duine iona ḃfuil an spiorad, agus cuir do láṁ air;


Agus cuirfe tú cuid dod onóir air, ċor go mbía coṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel uile uṁal.


Agus do ṫógaiḃ an slúaġ do ḃí roiṁe, agus na ḋiáiġ, gáir, ag ráḋ, Hósanna do ṁac Ḋáiḃí: Is beannuiġṫe an té ṫig a nainm an Tiġearna; Hósanna annsna hárdaiḃ.


¶ Agus do ḃí Iosua ṁac Nun líonta do spioruid an ġliocuis; óir do leag Maóisi a láṁa air: agus do uṁluiġeadar clann Israel dó, agus do rinneadar mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.


¶ Agus do ḟreagradarsan Iosua, ġá ráḋ, A nuile ní aiṫeonus tusa ḋínn do ḋéanam é, agus giḋ bé ait a gcuirfe tú sinn raċam ann.


Giḋ bé ċuirfios a naġuiḋ haiṫnesi, agus naċ éistfe ré do ḃríaṫruiḃ a ngaċ éinní aiṫeonus tú ḋé, cuirfiġear ċum báis é: aṁáin bí laídir, agus deiġṁeisniġ.


¶ Ní ḟéadfuiḋ éanduine seasaṁ ad aġuiḋ ar feaḋ láeṫe do ḃeaṫa: mar do ḃí mé lé Maóise, is mar sin ḃías mé leaċdsa: ní ḟailleoċa mé ort, ní mó ṫréigfios mé ṫú.


Náċ ar aiṫin misi ḋíot? Bí láidir agus lán ḃéoḋa; ná bíoḋ eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do ṪIĠEARNA Día maille leaċd giḋ bé áit a raċa tú.


¶ Ansa ló sin do méaduiġ an TIĠEARNA Iosua a raḋarc Israel uile; agus do ḃí eagla aca roiṁe, mar do ḃí roiṁe Ṁaóise, ar feaḋ laéṫe a ḃeaṫa.


A duḃairt Dáiḃi fós, An TIĠEARNA do ṡáor misi ó croḋ an leoṁuin, agus ó ċroḋ an ṁaṫġaṁuin, sáorfuiḋ sé as láiṁ an Ṗilistiniġsi mé. Agus a duḃairt Saul re Dáiḃi, Eiriġ, agus go raiḃ an TIĠEARNA maille leaċd.


Go ndéarna an TIĠEARNA mar sin, agus níos roṁó re Ionatan: aċd más í ḃus toíl dom aṫair olc do ḋeánaṁ ḋuit, ansin foillseoċa mé ḋuit é, agus cuirfe mé ar siuḃal ṫú, lé a nimṫeoċa tú a síoṫcáin: agus go raiḃ an TIĠEARNA maille leaċd, mar do ḃí sé re maṫairse.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan