Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Genesis 4:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Cáin, Cáit a ḃfuil do ḋearḃraṫair Abel? agus a duḃairt seision, ni ḟeidir misi sin: an misi coiṁeuduiġ mo ḋearḃraṫar?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Genesis 4:9
11 Iomraidhean Croise  

Agus a duḃairt Iúdah ré na ḋearḃráiṫriḃ, Cioḋ an tarḃa má ṁarḃamáoid ar ndearḃraṫair, agus a ḟuil a ċeilt?


Agus do ċuireadar an cóta iolḋaṫaċ, agus rugadar ċum a naṫar é, agus a duḃradar, Ag so mar fuaramairne é; aiṫin a nois a né cóta do ṁic é, nó naċ é.


Agus a duḃairt seision, Creud do rinne tú? atá guṫ fola do ḋearḃraṫar ag éiġṁe ormsa as an ttalaṁ.


A nuáir do ní sé cúartuġaḋ air ḟuil, cuiṁniġiḋ sé orra: ní ḋearmadann sé éiġioṁ na núṁal.


Déan trócaire oram, a ṪIĠEARNA; meas mo ḃuaiḋreaḋ noċ ḟuilngim ón muinntir ḟúaṫuiġios mé, ṫusa noċ ṫógḃus súas mé ó ġeataḋuiḃ an ḃáis:


Giḋ bé ċeilios a ṗeacuiġe ní ḃía biseaċ air: aċt giḋ bé adṁas agus ṫréigios íad do ġeaḃa sé trócaire.


As é an díaḃal as aṫair ḋáoiḃ, agus as íad míana ḃur naṫair as toil liḃsi ḋéunaṁ. Do ḃi seision na ḟear dúnṁarḃṫa ó ṫus, agus níor ċoṁnuiḋ se sa ḃfírinne, óir ní ḃfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úaḋ féin laḃrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as aṫair don bréig.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan