Oír raċṫaóisi amaċ maille re meanmuin, agus béarṫar amaċ siḃ maille re síoṫċáin: brisfid na sléiḃte agus na cnoic amaċ roṁuiḃ a gceól, agus buáilfid uile ċranna an ṁaġa a láṁa.
Bíoḋ bríaṫar Ċríosd na coṁnuide ionnuiḃ go saiḋḃir sa nuile éagna; dá ḃur múnaḋ agus dá ḃur dteagasg féin a salmuiḃ agus a ḃfonnuiḃ molta Dé, agus a gcainticiḃ sbioradálta ag déunaṁ ceóil don Tíġearna ann ḃur gcroiḋṫiḃ maillé ré gean.
Aseaḋ, bí fios a haimsire cinte ag an ccorr‐ġláis ann sa naiéir; agus coṁarṫuiġ an turtuír agus an ċórrṁónaḋ agus a náinleóg am a tteaċta féin: aċt ní ḟeidir mo ḋaóinesi breíṫeaṁnus an TIĠEARNA.
Agus a duḃairt ris, Glac ḋaṁsa colpaċ ṫrí mblíaḋan daóis, agus gaḃar baineann ṫri mblíaḋan dáois, agus reiṫe ṫrí mbliaḋan dáois, agus turtair agus colum óg.