Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 6:6 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus ḋein sé iongna de’n easba creidiṁ a ḃí ionta, agus do ṡiúḃluiġ sé na bailte mór-ṫímpal, ag teagasg.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Agus ba iongnaḋ leis a n-easbaiḋ creidiṁ; agus ṫaisteal sé na bailte ṫart timċeall ag teagasc.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus ba ṁór ba iongnaḋ leis a n‐uireasḃaiḋ creidiṁ. Agus do ċuaiḋ sé ag teagasc ins na bailtiḃ beaga ṫart timċeall.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus do ḃí iongnaḋ aige an a neaṁċreideaṁ súd. Agus do ṫimċealluiḋ sé na bailte fá gcúairt, ag teagusg.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 6:6
12 Iomraidhean Croise  

Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal Ġaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta d’á raiḃ ar ḋaoine.


Agus nuair airiġ Íosa san do ḋein sé iongna ḋé; agus dúḃairt se leis an muíntir a ḃí ’ġá leanṁaint: Go deiṁin adeirim liḃ, ní ḃfuaras a leiṫéid sin de ċreideaṁ i n-Israél.


Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal, ins na caṫraċaiḃ agus ins na bailtiḃ, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta.


Agus ḃí sé ag seanmóin ins na sinagógaiḃ acu ar fuid Ġaililí go léir, agus ag cur deaṁan amaċ.


Agus d’ḟág sé an áit sin, agus ṫáinig sé go críoċaiḃ Iúdaéa, lastall de’n Iórdan, agus ḃailiġ na daoine ċuige airís. Agus mar ba ġnáṫ leis, do ṫeagaisg sé airís iad.


Agus do ġluais sé tré sna caṫaraċaiḃ agus tré sna bailtiḃ ag teagasg, agus é ag dul fé ḋein Ierúsalem.


Agus ċuaiḋ sé síos go Caṗarnaum, caṫair atá i nGaililí, agus ḃí sé ag teagasg na ndaoine ansan gaċ sabbóid.


Agus ḃí sé ag seanmóin i sinagógaiḃ Gaililí.


D’ḟreagair an fear agus duḃairt sé leó: Go deiṁin is iongantaċ an sgéal é sin, gan a ḟios a ḃeiṫ agaiḃ-se cá dtáinig sé, agus d’osgail sé mo ṡúile ḋóṁ-sa:


Íosa ó Nasaret: ċonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naoṁ agus le cóṁaċt, agus gur ġluais sé ag déanaṁ tairḃṫe agus ag leiġeas na ndaoine a ḃí fé annsmaċt an diaḃail, toisg Dia ḃeiṫ leis.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan