Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 6:3 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Náċ é seo an siúinéir, mac Ṁuire, bráṫair Ṡéamuis, agus Ióseiṗ, agus Iúdáis, agus Ṡímóin? An aṁlaiḋ ná fuil a ḋriféaraċa anso i n-ár measg? Agus do ġlacadar sgannal uime.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Naċ é seo an saor, mac Ṁuire, bráṫair Séamuis, agus Ióseṗ, agus Iúdais, agus Ṡíomoin? Naċ ḃfuil a ḋeirḃṡeaṫraċa fosta annseo i n-ár measc? Agus fuair siad scainneal ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Naċ é seo an siúinéir, mac Ṁuire, dearḃráṫair Ṡéamais, agus Ṡeosaiṁ, agus Iúdáis, agus Ṡíomóin? agus naċ ḃfuil a ḋeirḃṡeaṫraċa annso ’n‐ár measc? Agus fuaradar scannal ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 An né naċ é so an sáor úd, mac Ṁuire, agus dearḃráṫair Ṡéumais agus Iosés, agus Iúdais agus Ṡímóin? agus an né naċ ḃfuilid a ḋeirḃṡeaṫraċa ann so eadruinne? Agus fúaradar oilḃéim ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 6:3
21 Iomraidhean Croise  

Agus is aoiḃinn do’n t-é ná glacfaiḋ sganall umam-sa.


An ḟaiḋ a ḃí sé ag caint leis an bpobul, ṫáinig a ṁáṫair agus a ḃráiṫre amuiġ agus iad a d’iarraiḋ laḃairt leis.


Agus ḃí mná ann aḃfad uaiḋ agus iad ag féaċaint air, ar a raiḃ Máire Magdalén, agus Máire máṫair Ṡéamuis ḃig agus Ióseiṗ, agus Salómé;


Agus Aindrias, agus Pilib, agus Párṫalán, agus Maitiú, agus Tomás, agus Séamus mac Alṗeí, agus Taddeus, agus Símón an Canáníteaċ,


Agus do ċuir Simeón a ḃeannaċt orṫa, agus duḃairt sé le Muire a ṁáṫair: Féaċ, tá so ceapaiṫe ċun díṫe agus ċun aiseiriġṫe ḋ’á lán i n-Israél, agus ċun ḃeiṫ ’n-a ċóṁarṫa a ġeoḃaiḋ diúltaḋ;


Agus is aoiḃinn do’n t-é ná glacfaiḋ sgannal umam-sa.


Agus do h-innseaḋ dó: Tá do ṁáṫair agus do ḃráiṫre ’n-a seasaṁ amuiġ, agus ba ṁaiṫ leó ṫu d’ḟeisgint.


Duḃairt Iúdás leis, níor ḃ’é an t-Iscariót úd: A Ṫiġearna, cad fé ndeár go ndéanfair ṫu féin a ṫaisbeáint dúinne agus ná taisbeánfair ṫu féin do’n tsaoġal?


Agus duḃradar: Náċ é seo Íosa mac Ióseṗ go ḃfuil aiṫne againn ar a aṫair agus ar a ṁáṫair? Conus, d’á ḃríġ sin, is féidir dó so a ráḋ, Do ṫánag anuas ó neaṁ?


Agus nuair a ṫánadar isteaċ ċuadar suas go dtí an seómra uaċtáraċ mar a raiḃ Peadar agus Eóin ag fanṁaint, agus Séamus agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Bartolomaeus agus Maitiú, Séamus Alṗéis agus Símón Sélotés agus Iúdás mac Séamuis.


Aċ do ḃagair sé le n-a láiṁ orṫa éisteaċt, agus d’innis sé ḋóiḃ conus a ṫug Dia amaċ as an bpríosún é, agus duḃaint sé: Innis na neiṫe sin do Ṡéamus agus do sna ḃráiṫriḃ! Agus ċuaid sé amaċ agus d’imṫiġ sé go h-áit eile.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan