Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 6:15 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus deireaḋ daoine eile: Isé Elias atá ann. Agus deireaḋ daoine eile: Fáiḋ iseaḋ é, mar ḃeaḋ duine des na fáiḋiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus deireaḋ daoine eile: Is é Elias é. Aċt deireaḋ tuilleaḋ: Is fáiḋ mar ḋuine de na fáiḋe é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Aċt do ḃí daoine eile aduḃairt, Is é Élias atá ann. Agus aduḃairt daoine eile, Is fáiḋ atá ann, aṁail duine de na fáiḋiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 A duḃradar dream eile, Gur ḃé Eliás é. Agus a duḃradar dream eile, Gur ḃfáiḋ é, nó mar áon do na fáiḋiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 6:15
19 Iomraidhean Croise  

Agus duḃradar: Deir cuid acu gur b’é Eóin Baiste é; agus deir cuid acu gur b’é Elias é; agus deir cuid acu gur b’é Ieremias é, nó duine des na fáiḋiḃ.


Agus deireaḋ na daoine: Sidé Íosa an fáiḋ ó Nasaret Ġaililí.


Agus nuair a ḋ’airiġ Héród é duḃairt sé: Eóin, gur ḃaineas-sa an ceann de, siné atá eiriġṫe ós na mairḃ.


Agus d’ḟreagradar é agus duḃradar: Eóin Baiste; agus dar le tuille, Elias; agus dar le tuille, aon de sna fáiḋiḃ.


Agus gluaiseóċaiḋ sé roimis amaċ i spioraid agus i gcóṁaċt Eliais, ċun croiḋṫe na n-aṫar d’iompáil ar an gclainn, agus ċun luċt díṫċreidiṁ d’iompáil ċun eagna na ḃfíoraon, agus pobul fíoraon d’ollaṁú do’n Tiġearna.


Agus ṫáinig eagal ar na daoine go léir, agus ṫugadar glóire do Ḋia, agus duḃradar: Tá fáiḋ mór eiriġṫe ’n-ár measg, agus ṫáinig Dia ag féaċaint a ḋaoine.


Agus do ċonaic an Fairisíneaċ a ṫug cuireaḋ ḋó an níḋ sin agus duḃairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáiḋ an fear so ḃeaḋ ḟios aige, gan aṁras, cé h-í an ḃean so atá ag teangaḃáil leis agus cad é an saġas í, gur bean ṗeacaṁail í.


Agus d’ḟreagradar-san agus duḃradar: Eóin Baiste; agus deir cuid acu Elias; agus deir tuille acu gurab aṁlaiḋ a ḋ’eiriġ duine de sna sean-ḟáiḋiḃ.


Gur ḃ’é Eóin a ḋ’eiriġ ós na mairḃ; agus deireaḋ daoine eile gur ḃ’é Elias a ṫaisbeáin é féin; agus deireaḋ daoine eile gur ḋuine éigin de sna sean-ḟáiḋiḃ a ḋ’eiriġ.


Agus d’ḟiafraiġeadar de: Cad eile má ’seaḋ? An tu Elias? Agus duḃairt sé: Ní mé. An tu an fáiḋ?


Agus do ċeistiġeadar é, agus duḃradar leis: Cad ċuige go ndeineann tú baisteaḋ mura tu Críost ná Elias, ná an fáiḋ?


Ansan, nuair a ċonaic na daoine sin gur ḋein Íosa an ṁírḃúilt, duḃradar: Gan aṁras isé an fear so an fáiḋ atá le teaċt sa doṁan.


Duḃairt daoine de’n tsluaġ, áṁ, nuair a ḋ’airiġeadar an ċaint sin uaiḋ: Isé seo an Fáiḋ gan aṁras.


Agus duḃradar airís leis an ndall: Cad deirir-se leis an t-é sin a ḋ’osgail do ṡúile? Duḃairt seisean: Fáiḋ iseaḋ é.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan