Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 6:12 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus ċuadar amaċ agus d’ḟógradar aiṫriġe ḋéanaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus ċuaiḋ siad amaċ agus dʼḟuagair siad aiṫriġe a ḋéanaṁ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus d’imṫiġeadar‐san, agus d’ḟógradar aiṫriġe do ḋéanaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus do imṫiġeadarsan, agus dḟúagradar aiṫríġe do ḋéunaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 6:12
23 Iomraidhean Croise  

Agus do ṫárla, nuair a ḃí na h-órduiġṫe taḃarṫa ag Íosa d’á ḋáréag deisgiobul, gur imṫiġ sé as an áit sin ċun teagasg agus craoḃsgaoileaḋ ḋéanaṁ i n-a mbailtiḃ-sin.


Ansan do ċrom sé ar ṁilleán do ċur ar na caṫraċaiḃ ionar h-oibriġeaḋ an ċuid ba ṁó d’á ċóṁaċtaiḃ, toisg nár ḋeineadar aiṫriġe:


Agus deireaḋ sé: Deiniḋ aiṫriġe, óir tá ríġeaċt na ḃflaṫas buailte liḃ


Má’s eaḋ tugaiḋ toraḋ uaiḃ a ḃeiḋ do réir na h-aiṫriġe.


As san amaċ do ṫusnuiġ Íosa ar ṡeanmóin, agus ar a ráḋ: Deiniḋ aiṫriġe, óir tá ríġeaċt na ḃflaṫas buailte liḃ.


Imṫiġiḋ agus foġlumuiġiḋ a ḃríġ siúd: Trócaire is toil liom, agus ní h-íḋbirt. Óir ní ċun na ḃfíoraon do ġlaoḋaċ a ṫánag, aċ ċun na bpeacaċ do ġlaoḋaċ.


Agus duḃairt sé: Tá an aimsir caiṫte, agus tá ríġeaċt Dé buailte liḃ. Deiniḋ aiṫriġe agus creidiḋ an soisgéal.


Guṫ duine ag glaoḋaċ sa ḃfásaċ: Ollaṁuiġiḋ an tslíġ do’n Tiġearna; deiniḋ a ċasáin do ḋíriú ḋó.


Eireóċaid muintir Nineḃe i mbreiṫeaṁantas i n-aġaiḋ an tsleaċta so, agus taḃarfaid siad daor-ḃreiṫ orṫa; mar do ḋeineadar aiṫriġe nuair ḟógair Iónas dóiḃ é; agus féaċ duine anso is mó ’ná Iónas.


Deirim liḃ nár ḃ’ eaḋ; aċ mura ndeiniḋ siḃ-se aiṫriġe tiocfaiḋ íde de’n tsaġas ċéadna oraiḃ go léir.


Deirim liḃ ná raḃadar; aċ mura ndeiniḋ siḃ-se aiṫriġe go dtiocfaiḋ íde de’n tsaġas ċéadna oraiḃ go léir.


Deirim-se liḃ-se gur b’ ṡin mar a ḃeiḋ gáirdeaċas i láṫair aingeal Dé mar ġeall ar aon ṗeacaċ amáin a ḋéanfaiḋ aiṫriġe.


Deirim liḃ gurab ṡin mar a ḃeiḋ gáirdeaċas ar neaṁ mar ġeall ar aon ṗeacaċ aṁáin a ḋéanfaiḋ aiṫriġe seaċas naoi ḋuine ḋéag agus ċeiṫre fiċid de ḋaoiniḃ córa ná fuil gáḋ le h-aiṫriġe acu.


Agus go ḃfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aiṫriġe agus maiṫeaṁnaċas peacaí.


Agus do ġluaiseadar amaċ mór-ṫímpal tré sna bailtiḃ ag craoḃsgaoileaḋ an tSoisgéil agus ag leiġeas ins gaċ aon ḃall.


Nuair airiġdar an méid sin d’éisteadar, agus ṫugadar glóire do Ḋia agus duḃradar: Seaḋ aċ tá aiṫríġe ċun na beaṫa taḃarṫa ag Dia do sna geintiḃ féin


Agus duḃairt Peadar leó: Déiniḋ, ar seisean, aiṫríġe, agus glacaḋ gaċ duine agaiḃ baiste i n-ainim Íosa Críost, ionus go maiṫfí ḃúr bpeacaí ḋaoiḃ, agus ansan glacfaiḋ siḃ taḃarṫas an Spioraid Naoiṁ.


agus me ag deiṁniú aiṫriġe ċun Dé, agus creidiṁ i n-ár dTiġearna Íosa Críost, do Iúdaíġ agus do Ġeintiḃ.


Aċ do ċraoḃsgaoileas é, do’n ṁuinntir atá i nDamascus ar dtúis, agus i nIerúsalem, agus i gcríċ Iúdaea ar fad, agus do sna Geintiḃ ionus go ndéanfaidís aiṫríġe agus go n-iompóċaidís ar Ḋia, ag déanaṁ diongaḃála na h-aiṫriġe d’oibreaċaiḃ.


Déiniḋ aiṫríġe dá ḃríġ sin, agus iompuiġiḋ, ionus go mbuailfí amaċ ḃúr bpeacaí,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan