Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 5:7 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus do liúiġ sé do ġuṫ árd agus duḃairt: Cad é an ċuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Ṁic Dé is aoirde? Iarraim ort i n-ainim Dé gan mé ṗianaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus scairt sé amaċ de ġuṫ árd, agus duḃairt: Cad í an ḃaint atá agam-sa agus agat-sa le ċéile, a Íosa, a Ṁic an Dé is áirde? Agraim ṫú as uċt Dé gan mé a ṗianaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 agus ag glaoḋaċ amaċ de ġuṫ árd dó, aduḃairt sé, Cad é an ċuid atá agam‐sa ḋíot, a Íosa, a Ṁic Dé is Aoirde? Aṫċuinġim ort, as uċt Dé, gan mo ṗianaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus ag eiṁġe do ġuṫ árd, a duḃairt sé, Créd í mo ċuidsi ḋíot, a Iósa, a Ṁic Dé roáird? Cuirim a huċd Dé ort, gan mo ṗianaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 5:7
29 Iomraidhean Croise  

Agus d’ḟreagair Símón Peadar agus duḃairt: Is tú Críost Mac Dé Ḃí.


Aċ níor laḃair Íosa. Agus duḃairt an t-árdṡagart leis: Iarraim ort i n-ainim Dé atá ḃeó go neósfá ḋúinn an tu an Críost, Mac Dé. Duḃairt Íosa leis: Duḃraís é.


Agus ṫáinig an t-Áirseóir agus duḃairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduiġ arán a ḋéanaṁ des na cloċaiḃ sin.


Agus féaċ, do liúġadar agus duḃradar: Cad é sin dúinne ṫusa, a Íosa, a Ṁic Dé? Ar ṫáinís anso roim an aimsir ċun pionóis a ċur orainn?


Cad í an ḃaint atá agatsa agus againne le n-a ċéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An ċun sinn a ṁilleaḋ a ṫáinís annso? Tá ḟios agam cé h-é ṫu, Aon Naoṁṫa Dé.


Aċ níor laḃair seisean agus níor ṫug sé aon ḟreagra. Agus do ċeistiġ an t-árdṡagart é, agus duḃairt sé: An tusa Críost Mac Dé ḃeannuiġṫe?


Agus na h-annspridí truailliġṫe, nuair a ċídís é, do ṡléaċtaidís dó, agus deiridís go h-árd:


Agus nuair a ċonaic sé Íosa aḃfad uaiḋ do riṫ sé ċuige agus do ṡléaċt sé ḋó.


Óir duḃairt sé leis: Imṫiġ amaċ as an nduine, a spioraid ṡailiġ.


Beiḋ an mac san mór, agus taḃarfar Mac Dé Aoird air, agus taḃarfaiḋ an Tiġearna Dia ḋó an ċaṫaoir rí a ḃí agá aṫair, ag Dáiḃid; agus beiḋ sé ’n-a rí i dteaġlaċ Iácóib go deó.


Agus duḃairt: leig dúinn; cad í an ḃaint atá againne leat-sa, a Íosa Nasareit? An ċun sinn a ṁilleaḋ do ṫáinís? Tá ’ḟios agam ce h-é ṫu, Aon Naoṁṫa Dé.


Aċ deiniḋ-se gráḋ ṫaḃairt d’ḃúr naṁaid; deiniḋ maiṫ, agus tugaiḋ iasaċt uaiḃ, gan súil le níḋ ḋ’á ḃárr, agus beiḋ ḃúr luaċt saoṫair líonṁar, agus beiḋ siḃ i nḃúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maiṫ do ḋaoine ná gaḃann a ḃuiḋeaċas leis, agus do ḋroċ-ḋaoine.


Agus nuair a ċonaic sé Íosa do ċaiṫ sé é féin ar an dtalaṁ ’n-a láṫair agus do laḃair sé do ġuṫ árd: Cad é an ċuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Ṁic an Árd-Ḋia? Iarraim ort gan mé ṗianaḋ.


Aċ do sgríoḃaḋ an méid seo ionus go gcreidfeaḋ siḃ gur ḃ’ é Íosa is Críost Mac Dé ann; agus, ’ġá ċreideaṁaint, go mbeaḋ an ḃeaṫa agaiḃ i n-a ainim.


Agus do lean sí Pól agus sinne, agus í ag liúiriġ agus deireaḋ sí: Seirḃísiġ do’n árd-Ḋia iseaḋ na fir sin, agus táid siad ag innsint sliġe ḃúr slánuiġṫe ḋaoiḃ.


Do ṫárla go raiḃ cuid de sna Iúdaíġ ag imṫeaċt ó áit go h-áit agus go raḃdar a d’iarraid deaṁan a ċur amaċ, agus ḋ’agraidís ainim an Tiġearna Íosa agus deiridís: Fógraim oraiḃ Íosa atá ag Pól d’a ċraoḃsgaoile.


Agus, ag cur na slíġe ḋíoḃ dóiḃ ṫánadar mar a raiḃ uisge, agus duḃairt an coillteánaċ: Féaċ an t-uisge, cad ’tá am ċosg air go mbaistfí mé?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan