Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 4:8 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus do ṫuit cuid eile ḋe ar ṫalaṁ ḟóġanta, agus d’ḟás sé agus d’éiriġ sé, agus ṫug sé toraḋ uaiḋ, cuid de fó ṫríoċad, cuid de fó ṫrí fiċid, agus cuid dé fó ċéad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Agus ṫuit cuid eile san talaṁ ṁaiṫ, agus ṫug sé toraḋ uaiḋ a dʼḟás agus a ṁéaduiġ, agus ṫug ceann toraḋ uaiḋ fá ḋeiċ ar ḟiċid, ceann ḟá ṫrí ḟiċid, agus ceann eile fá ċéad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus do ṫuit cuid eile ḋe ar an talaṁ maiṫ, agus ṫug sé toraḋ, d’ḟás agus d’éiriġ, cuid de fá ṫrioċaid, cuid de fá ṫrí fiċid, agus cuid de fá ċéad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus do ṫuit cuid eile ḋe a dtalaṁ ṁaiṫ, agus tug sé toraḋ úaḋ déiriġ súas agus dfás; agus tug ḋe, cuid a deiċ fiċead, agus cuid trí fiċid, agus cuid eile céud:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 4:8
21 Iomraidhean Croise  

Aċ an t-é a ġlac an síol isteaċ sa talaṁ fóġanta, siné an t-é a ċloiseann an briaṫar agus do ṫuigeann é, agus a ṫugann toraḋ uaiḋ, agus tugann sé cuid de’n toraḋ fó ċéad, agus cuid eile ḋe fó ṫrí fiċid, agus cuid eile ḋe fó ṫríoċad.


Ṫuit cuid eile acu, áṁṫaċ, ar ṫalaṁ ḟóġanta; agus ṫugadar toraḋ, cuid acu fó ċéad, cuid acu fó ṫrí fiċid, cuid acu fó ṫríoċad.


Agus an ṁuintir a ġlac an síol isteaċ sa talaṁ fóġanta, siniad an ṁuintir a ḋ’éisteann leis an mbriaṫar, agus do ġlacann é agus do ṫugann toraḋ uaṫa, duine fó ṫríoċad, duine fó ṫrí fiċid, agus duine fó ċéad.


Agus ṫuit tuille ḋe ins na sgeaċaiḃ, agus d’ḟás na sgeaċa agus ṁúċadar an ċuid sin, agus níor ṫug sé toraḋ uaiḋ.


Agus duḃairt sé: An t-é go ḃfuil cluasa air ċun cloisint cloiseaḋ sé.


Aċ an ċuid a ṫuiteann ar an dtalaṁ fóġanta, siniad an ṁuintir a ġlacann an focal leis an ndeaġ-ċroiḋe is fearr nuair a ċloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toraḋ uaṫa le fadḟulang.


Agus do ṫuit tuille de sa talaṁ fóġanta agus d’ḟás sé, agus ṫug sé toraḋ fó ċéad. Nuair a duḃairt sé an méid sin do laḃair sé árd: An t-é go ḃfuil cluasa le h-éisteaċt air cloiseaḋ sé.


Mise an ḟíneaṁuin, siḃ-se na géaga; an t-é ḟanann ionam-sa agus mise ann, tugann sé sin toraḋ mór uaiḋ; óir am’ éaġmuis-se ní féidir daoiḃ aon níḋ a ḋéanaṁ.


Má’s mian le duine a ṫoil sin do ḋéanaṁ aiṫneócaiḋ sé i dtaoḃ an teagaisg, an ó Ḋia é, nó an uaim féin atáim ag caint.


Agus ḃíodar so níos uaisle ’ná muinntir Ṫesaloníca, agus do ġlacadar an briaṫar le lán-díogras, agus ḃídís coitċianta ag cuardaċ na Scriptiúiri féaċaint an mbíoḋ san aṁlaid.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan