Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 4:7 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus ṫuit tuille ḋe ins na sgeaċaiḃ, agus d’ḟás na sgeaċa agus ṁúċadar an ċuid sin, agus níor ṫug sé toraḋ uaiḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus ṫuit tuilleaḋ fríd na dreasógaí, agus dʼḟás na dreasógaí gur ṗlúċ siad é, agus ní ṫug sé toraḋ uaiḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus do ṫuit cuid eile ḋe i measc an drisliġ, agus d’ḟás an drisleaċ suas, agus do ṫaċt é, agus ní ṫug sé aon toraḋ uaiḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus do ṫuit cuid eile ḋe eidir ṁuineaċ, agus deirġeadar an muineaċ súas, agus do ṫaċdadar é, agus ní ṫug sé toraḋ úaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 4:7
14 Iomraidhean Croise  

Agus an t-é a ġlac an siól ins na sgeaċaiḃ, siné an t-é a ċloiseann an briaṫar, agus go ndeineann cúram an tsaoġail seo agus meallaḋ saiḋḃris an briaṫar do ṁúċaḋ, agus bíonn sé gan toraḋ.


Agus do ṫuit cuid eile acu ameasg na sgeaċ; agus d’ḟás na sgeaċa agus ṁúċadar iad.


Ṫuit cuid eile acu, áṁṫaċ, ar ṫalaṁ ḟóġanta; agus ṫugadar toraḋ, cuid acu fó ċéad, cuid acu fó ṫrí fiċid, cuid acu fó ṫríoċad.


Agus nuair a ḋ’eiriġ an ġrian ṫáinig an broṫall air, agus toisg gan an ṗréaṁ a ḃeiṫ aige d’ḟeóċ sé.


Agus do ṫuit cuid eile ḋe ar ṫalaṁ ḟóġanta, agus d’ḟás sé agus d’éiriġ sé, agus ṫug sé toraḋ uaiḋ, cuid de fó ṫríoċad, cuid de fó ṫrí fiċid, agus cuid dé fó ċéad.


Agus duḃairt sé leó-san: Féaċ, seaċnaiḋ gaċ saint; óir ní sa ḃflúirse atá ag aoinne, de sna neiṫe is leis, atá a ḃeaṫa.


Aċ tugaiḋ aire ḋaoiḃ féin sar a raġaḋ ḃúr gcroiḋṫe i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram an tsaoġail seo, agus go dtiocfaḋ an lá úd go h-obann oraiḃ.


An ċuid áṁṫaċ, a ṫuit ameasg na sgeaċ, siniad an ṁuintir a d’airiġ an focal, aċ ag dul dóiḃ i ndiaiḋ cúraim agus saiḋḃris agus pléisiúir an tsaoġail múċtar iad agus ní ṫugaid siad toraḋ.


Agus do ṫuit tuille ḋe ameasg na sgeaċ; agus d’ḟás na sgeaċa i n-aonḟeaċt leis, agus ṁúċadar é.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan