Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 2:9 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Cé ’cu is usa a ráḋ: Táid do ṗeacaí maiṫte ḋuit; nó a ráḋ: Eirig, agus tóg suas do leabaiḋ agus siuḃluiġ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

9 Cé acu is fusa a ráḋ le fear an ġalair ċreaṫaiġ: Tá do ṗeac-aiḋe maiṫte duit; nó a ráḋ: Éiriġ, tóg do ṡráideog agus siuḃal?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Cia is fusa, a ráḋ leis an ḃfear pairiliseaċ, Atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit; nó a ráḋ, Éiriġ, agus tóg do leaba, agus siuḃal?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Cía is usa a ráḋ ré fear na pairilisi, A táid do ṗeacuiġ ar na maiṫeaṁ ḋuit; na a ráḋ, Eiriġ, agus tóguiḃ do leaba, agus sioḃail?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 2:9
7 Iomraidhean Croise  

Agus do leaṫ a ċlú ar fuid Siria go léir, agus do tugaḋ ag triall air na daoine go léir a ḃí as a sláinte, gaḃṫa le galaraiḃ agus le piantaiḃ, agus daoine go raiḃ deaṁain ionta, agus daoine a ḃí as a meaḃair, agus daoine a ḃí gan lúṫ, agus do leiġis sé iad.


Agus féaċ, do ṫugadar ag triall air, sínte ar ṫoċt, fear a ḃí gan lúṫ. Agus nuair a ċonaic Íosa an creideaṁ a ḃí acu duḃairt sé leis an ḃfear gan lúṫ: Glac misneaċ, a ṁic, táid do ṗeacaí maiṫte ḋuit.


Cé ’cu is usa a ráḋ, Tá do ṗeacaí maiṫte ḋuit; nó a ráḋ, Eiriġ agus siúḃluiġ?


Aċ, ionus go mbeaḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuíl ag Mac an Duine ar an dtalaṁ so cóṁaċt ċun peacaí ṁaiṫeaṁ (duḃairt sé leis an nduine gan lúṫ:)


Agus ḃí a ḟios ag Íosa láiṫreaċ, i n-a spioraid féin, an maċtnaṁ a ḃeiṫ ’n-a n-aigne acu-san, agus duḃairt sé leó: Cad ċuige ḋaoiḃ an maċtnaṁ san a ḃeiṫ i nḃúr gcroiḋe agaiḃ?


Agus duḃairt sé léi-se: Táid na peacaí maiṫte ḋuit.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan