Marcus 2:8 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)8 Agus ḃí a ḟios ag Íosa láiṫreaċ, i n-a spioraid féin, an maċtnaṁ a ḃeiṫ ’n-a n-aigne acu-san, agus duḃairt sé leó: Cad ċuige ḋaoiḃ an maċtnaṁ san a ḃeiṫ i nḃúr gcroiḋe agaiḃ? Faic an caibideilNa Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)8 Ḃí a ḟios ag Íosa láiṫreaċ ina Spiorad féin go raiḃ siad ag maċtnaṁ mar sin ina n-aigne, agus deir sé leo: Cad ċuige a ḃfuil siḃ ag smaoineaḋ ar na neiṫe sin i ḃur gcroiḋṫe? Faic an caibideilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)8 Agus ar an láṫair, ar n‐a ḟeiscin d’Íosa, ’n‐a spioraid féin, an maċtnaṁ do ḃi ’n‐a n‐aigne aca, aduḃairt sé leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeit ag maċtnaṁ mar sin i n‐ḃúr gcroiḋeaċaiḃ? Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)8 Agus ar an mball ar na aiṫne Diósa an a spíoraid féin go raḃadarsan ag smuáintiuġaḋ mar sin ionnta féin, a duḃairt sé ríu, Créd fá smuáintisi na neiṫesi an ḃur gcroiḋṫiḃ? Faic an caibideil |
Duḃairt sé leis: Dein m’ uain do ċoṫú. Duḃairt sé leis an tríṁaḋ h-uair: A Ṡímóin ṁic Eóin, an ḃfuil gráḋ agat dom? Ṫáiniġ buairt ar Ṗeadar, toisg é ’ġá ráḋ leis an tríṁaḋ h-uair: An ḃfuil gráḋ agat dom? Agus duḃairt sé leis: A Ṫiġearna, tá fios gaċ uile níḋ agat-sa; tá ’ḟios agat go ḃfuil gráḋ agam duit. Duḃairt sé leis: dein mo ċaoire do ċoṫú.