Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 2:18 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus ḃí deisgiobuil Eóin agus na Fairisíniġ ag déanaṁ trosgaiḋ, agus ṫánadar ċuige agus duḃradar: Cad ’n-a ṫaoḃ go ndeinid deisgiobuil Eóin agus na ḃFairisíneaċ trosgaḋ, agus ná deinid do ḋeisgiobuil-se trosgaḋ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Agus ḃíoḋ deisciobail Eoin agus na Fairisíniġ ag déanaṁ troscaiḋ, agus tig siad agus deir siad leis: Cad ċuige a ndéan deisciobail Eoin agus na ḃFairisíneaċ troscaḋ, agus naċ ndéan do ḋeisciobail-se troscaḋ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus do ḃí deisceabail Eoin agus na Fairisíniġ ag déanaṁ troscaiḋ: agus ṫángadar‐san agus aduḃradar leis, Cad ċuige a ndéanann deisceabail Eoin agus na ḃFairisíneaċ troscaḋ, agus naċ ndéanann do ḋeisceabail‐se troscaḋ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus do ṫroisgeadar deisciobail Eóin agus na Ḃṗairisíneaċ: agus tígid agus a deirid risean, Créd fá dtroisgid deisciobail Eóin agus na Ḃṗairisíneaċ, agus naċ déunid do ḋeisciobailsi trosgaḋ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 2:18
8 Iomraidhean Croise  

Deinid siad gaċ obair leó, áṁṫaċ, ionus go ḃfeicfeaḋ na daoine iad; leaṫnuiġid siad a ḃfulactéirí agus méaduiġid siad faḃraí a mbrat.


Agus nuair a ḃeiḋ siḃ ag déanaṁ trosgaiḋ ná bíḋiḋ gruamḋa ar nós na ḃfeallairí; óir doirċiġid siad a gceannaċa, i dtreó go saṁlóċaḋ na daoine iad a ḃeiṫ ag déanaṁ trosgaiḋ. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu.


I dtreó ná feicfid daoine ṫú ḃeiṫ ag déanaṁ trosgaiḋ, aċ go ḃfeicfiḋ t’Aṫair ṫu, atá fé ċeilt; agus taḃarfaiḋ t’Aṫair, a ċíonn fé ċeilt, do ṫuarasdal duit.


Agus duḃairt Íosa leó: An aṁlaiḋ is féidir do ċlainn na bainise ḃeiṫ ag déanaṁ trosgaiḋ an ḟaid atá an céile acu? An ḟaid atá an ċéile acu ’n-a ḃfoċair ní féidir dóiḃ trosgaḋ ḋéanaṁ;


Deinim-se trosgaḋ ḋá uair sa tseaċtṁain: tugaim deaċṁaḋ as a ḃfuil agam.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan