Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 2:12 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus d’eiriġ an duine láiṫreaċ agus ṫóg sé suas an leabaiḋ agus d’imṫiġ sé, os cóṁair a súl go léir, i treó go raiḃ iongna orṫa go léir agus gur ṫugadar onóir do Ḋia, agus, Ní ḟeacamair riaṁ a leiṫéid, a deiridís.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus dʼéiriġ sé ar an ḃomaite, ṫóg leis a ṡráideog, agus dʼimṫiġ sé i ḃfiaḋnaise a raiḃ ann, ionnas gur ġaḃ iongantas iad uilig agus go dtug siad glóir do Ḋia, ag ráḋ: Ní ḟacamar a leiṫéid ariaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus d’éiriġ seisean ar an láṫair, agus do ṫóg sé a leaba, agus d’imṫiġ sé amaċ i ḃfiaḋnaise a raiḃ ann; i dtreo go raiḃ uaṫḃás orṫa uile, go dtugadar glóir do Ḋia, agus iad ’g‐a ráḋ, Ní ḟacamar a leiṫéid seo riaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus do éiriġ seisean ar an mball, agus ar dtógḃáil a leabṫa, do ċuáiḋ sé a maċ na ḃfíaḋnuisi uile; ionnas gur ġaḃ úaṫḃás íad uile, agus go dtugadar glóir do Ḋía, ag ráḋ, Ní ḟacamairne a leiṫeid so a ríaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 2:12
13 Iomraidhean Croise  

Agus ṫáinig uaṫḃás ar na sluaiġtiḃ go léir, agus deiridís: An féidir gur b’é seo mac Dáiḃid?


I dtreó go raiḃ iongnaḋ ar na sluaiġte nuair a ċonacadar na daoine a ḃí balḃ ag caint, agus na daoine a ḃí bacaċ ag siúḃal, agus raḋarc ag na dallaiḃ; agus do ṁoladar Dia Israéil.


Agus nuair a cuireaḋ amaċ an deaṁan do laḃair an duine balḃ; agus ḃí iongna ar na daoine, agus deiridís: Ní feacaṫas a leiṫéid sin riaṁ i n-Israél.


Agus ṫáinig eagla ar an sluaġ nuair a ċonacadar an níḋ sin, agus do ṁoladar Dia a ṫug a leiṫéid sin de ċóṁaċt do ḋaoiniḃ.


Agus ṫáinig iongna ar na daoine go léir, agus ḃíodar ag fiafraiġe ḋá ċéile; agus deiridís: Cad é seo? cad é an teagasg nua é seo? go gcuireann sé smaċt ar na h-annspridíḃ truailliġṫe féin, agus go ngéillid siad dó?


Deirim-se leat-sa, Eiriġ, agus tóg suas do leabaiḋ, agus imṫiġ ċun do ṫiġe féin.


Agus ċuir sé a ḋá láiṁ uirṫi, agus do díriġeaḋ suas í láiṫreaċ, agus ṫug sí glóire do Ḋia.


Aċ ḃí duine acu agus nuair a ċonaic sé go raiḃ sé glan, d’ḟill sé ṫar n-ais agus é ag molaḋ Dé go h-árd,


Agus ṫáinig uaṫḃás ar na daoine go léir, agus ḃíodar ag taḃairt glóire do Ḋia; agus ḃíodar lán d’eagla agus deiridís: Ċonacamair neiṫe iongantaċa indiu.


Agus ṫáinig eagal ar na daoine go léir, agus ṫugadar glóire do Ḋia, agus duḃradar: Tá fáiḋ mór eiriġṫe ’n-ár measg, agus ṫáinig Dia ag féaċaint a ḋaoine.


Do ċreid a lán de’n tsluaġ ann, áṁ, agus deiridís: Nuair a ṫiocfaiḋ Críost an ndéanfaiḋ sé níos mó mírḃúiltí ’ná mar a ḋeineann an duine seo?


Níor h-airiġeaḋ riaṁ ó ṫusaċ an doṁain gur osgail aoinne a ṡúile do ḋuine a rugaḋ ’n-a ḋall.


Aċ do ḃagradar-san pionós orṫa agus ċuireadar ċun siuḃail iad, óir ní raiḃ ḟios acu conus a déanfaidís díoltas orṫa, mar ġeall ar na daoine, mar ḃí na daoine go léir ag molad an ruda a ṫárla, sa méid a deineaḋ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan